Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Feb 2000

Vol. 514 No. 3

Written Answers. - Ionad Cultúir Thoraí.

Dinny McGinley

Question:

291 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a bhfuil iarratas faighte ina Roinn le haghaidh deontas forlíontach don ionad cultúir agus pobail ar Oileán Thoraí; an bhfuil an t-iarratas á phlé faoi láthair; an ndéanfar cinneadh báúil go luath; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4174/00]

I dtús báire, ba mhaith liom a mhíniú go bhfuil cúnamh iomlán de £244,000 ceadaithe chun an Ionad Cultúir agus Pobail atá luaite ag an Teachta a thógáil – deontas £142,000 ó mo Roinnse agus deontas £102,000 faoi Chlár INTERREG II.

Tá an t-iarratas ar dheontas breise atá faighte ó Chomharchumann Oilean Thoraí á mheas ag mo Roinnse faoi láthair. Ni miste a rá, áfach, go gcaithfear an t-iarratas sin a mheas i gcomhthéacs an cúnamh an-substaintiúil atá curtha ar fáil don togra seo cheana féin agus an suim airgid atá ar fáil dom don scéim áirithe seo.

Top
Share