Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Feb 2000

Vol. 514 No. 6

Written Answers. - Fishing Rights.

Dinny McGinley

Question:

264 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir leis an bhfiosrúchán fá chás na gcearta iascaireachta i gCuan Theilinn; cé na hiarrachtaí a dhéanfar le socrú a dhéanamh roimh an chéad séasúr eile iascaireachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5116/00]

Is gnó d'Údarás na Gaeltachta é seo. Tuigim ón Údarás gur cheap siad idirghabhálaí neamhspleách breis is bliain ó shin d'fhonn réiteach a fháil chomh luath agus ab fhéidir ar an aighneas a bhaineann le cearta iascaireachta i gCuan agus in Iascaireacht Theilinn; gur dheimhnigh siad go nglacfadh siad le haon mholadh a bheadh inghlactha do na grúpaí a bhí páirteach san aighneas; nach bhfuil comhréiteach ar fáil fós, ainneoin iarrachtaí an idirghabhálaí; agus go bhfuil na hiarrachtaí ag leanúint go fóill ach gur gá teorainn ama a chur leo muna mbeidh toradh orthu go han-luath.

Top
Share