Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 2000

Vol. 515 No. 5

Ceisteanna–Questions. Priority Questions. - Decentralisation Programme.

Donal Carey

Question:

4 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici a Roinn a dhílárú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6540/00]

Is eol don Teachta go bhfuil mo Roinnse díláraithe den chuid is mó cheana féin, le 26 ionad i mBaile Átha Cliath ina bhfuil 852 ball foirne lonnaithe, mar aon le 107 ionad scaipthe ar fud na tíre ina bhfuil 903 ball foirne lonnaithe. I measc na n-ionad sin tá Rannán na Gaeltachta agus na n-Oileán, atá lonnaithe sna Forbacha, Gaillimh, le fo-ionaid i dTrá Lí agus i nGaoth Dobhair.

I measc na hEagrais a thagann faoi mo chúram, tá dhá cheann lonnaithe sna réigiún. Is iad sinn An Chomhairle Oidhreachta I gCill Chainnigh agus Bord na Scannán I nGaillimh. Chomh maith le sin, beidh ceanncheathrú Uisecebhealaí Éireann, nuair a bheidh sé bunaithe, in Inis Ceithleann, le hoifigí réigiúnacha i gCora Droma Rúisc, An Scairbh agus Baile Átha Cliath.

I dteannta le mo chomhleacaithe eile sa Rialtas, tá mé ag déanamh scrúdú i láthair na huaire ar an scóip atá ann chun tuilleadh díláraithe a chur i bhfeidhm.

Níl aon eolas nua sa bhfreagra sin. Dhiúltaigh an Roinn Airgeadais suíomh nua a thabhairt don Aire nuair a chuir sé isteach iarratas chun Mespil Road a fhágaint agus dul go suíomh eile. Nach bhfuil sé fíor go bhfuil talamh i seilbh Chomhairle Chontae an Chláir agus i seilbh Chomhairle Bhaile Chill Ruis chun forlíonacha na Roinne Airgeadais a chur i gcríoch? Baineann na forlíonacha sin le dílárú agus cén fáth nach bhfuil an tAire in ann fógra a thabhairt do mhuintir Chill Ruis go bhfuil suim aige sa cheist chun go mbeadh sé in ann an rud céanna a dhéanamh is a dhein an Teachta Brian Cowen agus an Teachta Frank Fahey.

Bhí moltaí ag Roinn na Gaeltachta chomh maith go mbeadh siad ag dílárú go dtí na Forbacha. Cén fáth nach bhfuil sin i gceist?

Mar is eol don Teachta, nuair a tháinig mise isteach athraíodh Rannóg na nOileán siar go dtí na Forbacha agus b'shin níos mó ná mar a rinne an Teachta nuair a bhí sé féin agus an Teachta Ó hUiginn i mbun na Roinne seo.

Maidir leis an cheist eile a d'árdaigh an Teachta, ar ndóigh breathnófar ar shuíomhanna i gContae an Chláir agus i ngach contae eile. Is cinnte go mbreathnófar ar Chill Ruis agus tuigim go bhfuil aighneacht déanta ag muintir an bhaile sin. Céim an-dearfach ag an Rialtas seo é breathnú ar an oiread sin de sheirbhísí de chuid an Stáit a lonnófar ar fud na tíre agus is féidir a bheith cinnte go ndéanfar deimhin de, ní hamháin i gcás na Roinne seo ach i gcás gach Roinn eile go bhfaighidh Contae an Chláir – agus Contae na Gaillimhe – cothrom na Féinne maidir le dílárú.

Bhí an bua ag Frank Fahey.

Cuireann sé an-áthas orm go raibh an tAire Fahey in ann an méid a d'fhógair sé a dhéanamh agus leis an rud a bhí déanta cheana agam tá cuid mhaith déanta do Ghaillimh agus ná bíodh imní ar bith ar an Teachta go ndéanfar dearmad ar Ghaillimh nó ar Chontae an Chláir sa socrú seo.

Top
Share