Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 6 Apr 2000

Vol. 517 No. 5

Written Answers. - Cuain agus Céanna.

Dinny McGinley

Question:

149 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an gcuirfidh sí breis deontas ar fáil chun an obair a tosaíodh ag cé Phort Artúir, Dún na nGall, a chríochnú go sásúil. [10320/00]

Ní miste a rá i dtosach gur cheadaigh mo Roinn deontas £9,000 i 1999 do Chomhairle Contae Dhún na nGall chun oibreacha áirithe feabhsúcháin a chur i gcrích ag na Saoráidí Calaíochta atá luaite ag an Teachta i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Contae. Tá £6,000 den deontas sin íoctha leis an gComhairle.

An méid sin ráite, tá mo Roinnse i dteagmháil leis an gComhairle Contae faoi láthair maidir le céibheanna Comhairle Contae sa Ghaeltacht gur féidir a fheabhsú i mbliana i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle. Cuirfear na Saoráidí Calaíochta seo san áireamh sa chomhthéacs sin.

Top
Share