Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 11 Apr 2000

Vol. 517 No. 6

Written Answers. - Faoiseamh Ó Tuilte.

Trevor Sargent

Question:

345 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sí ar an eolas faoin bhfochoiste atá bunaithe chun tuilte ar Abhainn na Sionainne a laghdú; agus an ról a bheidh ag a Roinn san obair seo go léir. [10954/00]

Níl aon eolas agam maidir le fo-choiste atá ag déileáil go speisialta le tuilte ar abhann na Sionainne.

Mar a mhínigh mé cheana ní ar mo Roinn-se atá freagracht maidir le smachtú na tuilte seo.

Top
Share