Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Apr 2000

Vol. 518 No. 1

Written Answers. - Obair Cruthú.

Pádraic McCormack

Question:

67 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na poist a cuireadh ar fáil i ngach Gaeltacht le dhá bhliain anuas; an bhfuil sí sásta leis seo; cad iad na scéimeanna nua a bheidh le fáil i mbliana chun an struchtúr post a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10933/00]

Seo a leanas de réir contae an líon post lánaimseartha a chruthaigh Údarás na Gaeltachta sna blianta 1998 agus 1999:

Contae

Líon post acruthaíodh–1998

Líon post acruthaíodh–1999

Líon post agdeireadh1999

Dún na nGall

486

296

2860

Maigh Eo

114

104

679

Gaillimh

457

370

3012

An Mhí

2

19

146

Ciarraí

128

115

767

Corcaigh

84

116

609

Pórt Láirge

25

22

110

Tuigim ón Údarás go bhfuiltear sásta leis an nglanmhéadú iomlán fostaíochta sa Ghaeltacht agus leis an líon suntasach de phoist nua a cruthaíodh i ngach contae sa tréimhse.
Tá athbhreithniú bunúsach á dhéanamh ag an Údarás ní hamháin ar an líon post a bhíonn á chruthú acu ach ar chaighdeán na bpost agus ar riachtanais gach ceantair ar leith.
I gcomhthéacs rialacha nua an Aontais Eorpaigh do Cheantair Stádas (sprioc) a hAon agus do Cheantair Stádas a hAon Leanúnach tá an tÚdarás ag díriú ar scéimeanna nua nó leasuithe ar scéimeanna reatha a réiteach le fógairt chomh luath agus is féidir.
Top
Share