Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Apr 2000

Vol. 518 No. 1

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Pádraic McCormack

Question:

76 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici scéim ar bith a chur an fáil chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann cabhrú le daoine talamh a chur ar fáil chun go mbeidh siad in ann tithe a thógáil sna Gaeltachtaí; an bhfuil teagmháil ar bith idir an túdarás agus na comhairlí contae faoi; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10932/00]

Tá suim ar leith agam sa cheist seo a mbaineann gnéithe soláthair, costais, seirbhísí agus sochtheangeolaíochta leí. Tá roinnt plé déanta agam le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis an ról a d'fhéadfadh a bheith aige i soláthar suíomh tithíochta agus tá Bille Tithíochta á ullmhú ag mo Roinnse faoi láthair a leasóidh na scéimeanna tithíochta Gaeltachta atá faoi chúram na Roinne chun freastal níos fearr ar riachtanais tithíochta mhuintir na Gaeltachta.

Maidir leis an ngaol idir an tÚdarás agus na Comhairlí Contae i dtaca leis an ábhar, tuigim go raibh comhoibriú cheana féin idir na Comhairlí Contae agus an tÚdarás le blianta beaga anuas i dtaca le suíomh a chur ar fáil ón bhfarasbarr beag talún a bhí ag an Údarás.

Ag féachaint do na deacrachtaí ar leith atá ann ar fud na tíre i dtaobh ganntanas agus costas tithíochta rud atá ag cur isteach go mór ar mhuintir na Gaeltachta beidh mé ag leanúint le hiarrachtaí i gcomhar leis an Údarás chun teacht ar bhealaí éifeachtacha chun na deacrachtaí a shárú ar shlí a chuirfidh le chur chun cinn na Gaeltachta mar Ghaeltacht.

Top
Share