Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Apr 2000

Vol. 518 No. 1

Written Answers. - Limistéir Caomhantais Speisialta.

Trevor Sargent

Question:

95 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na coinníollacha a bhaineann le limistéar caomhantais speisialta i gcomhthéacs Ghleann Dá Ghrua, Contae Chill Mhantáin; an bhfuil cuid de Ghleann Dá Ghrua faoi chosaint limistéir chaomhantais speisialta faoi láthair; agus, mura bhfuil, cathain a bheidh sé amhlaidh. [10923/00]

Tá iarratas déanta chuig an Aontas Eorpaigh go n-aithneófaí Gleann Dá Ghrua mar limistéar caomhantais speisialta. Go dtí go dtógfaí suas an suíomh seo ag an AE, faigheann sé caomhnú iomlán faoi Rialacháin an AE (Gnáthóga Nádúrtha) 1997.

Cuireann an rialú seo cosc ar aon fhorbairt nó gníomhaíocht a dhéanfadh dochar substantiúl don gháthóg nó speiceas in aon suíomh a ainmneofaí mar limistéar caomhantais speisialta (SAC) faoi chritéir threoir gnáthóga an AE.

Top
Share