Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 May 2000

Vol. 520 No. 2

Written Answers. - Ceantair Speisialta Caomhantais.

Trevor Sargent

Question:

145 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar eolas aici faoi thuairisc an WWF 'Species Alert! Natura 2000' a léiríonn go bhfuil go leor saghsanna dúlra i mbaol de bharr easpa dul chun cinn i gcosaint S.A.C. in Éirinn agus i dtíortha eile agus an bhfuil sí sásta leis seo. [15068/00]

Dírim aire an Teachta ar m'fhreagraí dar dáta 2ú Márta 2000 (Ceist 28) agus 11ú Aibreán 2000 (Ceist 344). Is é an t-aon athrú amháin ó shin ná go bhfuil 264 Ceantair Speisialta Caomhantais (CSC) seolta go h-oifigiúil chuig an Choimisiún ag mo Roinn-se. Fógraíodh 41 CSC breise gur limistéirí muirí a bhfurmhór sna meáin le mí anuas.

Top
Share