Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 May 2000

Vol. 520 No. 2

Written Answers. - Inland Waterways.

Trevor Sargent

Question:

147 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar eolas aici faoin bhfochoiste atá bunaithe chun tuillte ar Abhainn na Sionainne a laghdú agus cén ról a bheidh ag a Roinn san obair seo go léir. [15070/00]

Lorg an Fhochoiste um Údarás na Sionainne mo mholtaí le déanaí maidir le bainistíocht na Sionainne. Beidh mé ag cur mo mholtaí chuig Cléireach an Fhochoiste in am tráth ach, mar is eol don Teachta, go bhfuil mo dhearcadh i dtaobh na ceiste seo soiléirithe sna freagraí a thug mé do Cheisteanna Dála uimh. 116 agus 25 an 1 Feabhra agus an 2 Márta 2000 faoi seach. Ar ndóigh beidh deis ann na ceisteanna seo a phlé i gcomhthéacs Comhairle na nAirí de chuid an Fhorais Thuaidh-Theas.

Top
Share