Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 May 2000

Vol. 520 No. 2

Other Questions. - Teorainn na Gaeltachta.

Eamon Gilmore

Question:

21 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta aici mar gheall ar theorainn na Gaeltachta agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [15322/00]

Mar is eol duit bhunaigh an Rialtas Comisiún na Gaeltachta le gairid.

Is ceann de théarmaí tagartha an Choimisiúin faoin nGaeilge sa Ghaeltacht "tairiscintí a réiteach i dtaca leis na crítéir teangeolaíochta a d'úsáidfí chun limistéir Ghaeltachta a theorannú ar a n-áirítear córas chun chur le nó baint de na limistéir sin."

Beidh mé ag súil le moltaí dearfacha ón gCoimisiún maidir leis an gceist sin.

Cathain atá súil agat go mbeidh cuntas agat ón gCoimisiún? An mbeidh sé agat i mbliana nó an bhliain seo chugainn nó cathain? Tá sé práinneach go ndéanfaí rud éigin deimhnitheach go luath maidir leis an bhfadhb seo i dtaobh teorannacha na Gaeltachta. Tá eagla orm go bhfuil an rud seo á chur ar an méar fada agat.

Caithfidh mé a rá nach dtuigim cén fáth go mbíonn an Teachta i gcomhnaí ag díriú ar theorannacha na Gaeltachta mar fhadhb na Gaeltachta. Ní shin í an fhadhb. Sé an fhadhb atá ann ná an brú atá ar an nGaeilge taobh istigh den Ghaeltacht fiú sna Gaeltachtaí is láidre. Tá Coimisiún bunaithe agus is ábhar do cheist eile é nár shroiseamar cathain a bheimis ag súil le tuarascáil ón gCoimisiún. Tá sé ráite go poiblí ag an Rialtas nuair a bhunaigh siad an Coimisiún go raibh súil acu go mbeadh tuarascáil acu faoi cheann bliana. Tógfaidh sé an méid sin ama leis an obair a dhéanamh agus is é ról an Choimisiúin, ní a bheith ag tarraingt línte ar léarscáil, ach féachaint cén bealach is féidir an Ghaeilge a láidriú taobh istigh de na Gaeltachtaí atá ann agus inter alia ceist na dteorannacha a scrúdú.

Chaithfinnse a rá go ginearálta nach dóigh liom gur cheist shimplí í ceist teorannacha na nGaeltachtaí agus beidh an-súil agam go dtiocfaidh an Coimisiún aníos le moltaí cuimsitheacha i dtaobh na ceiste seo, moltaí a thuigfeadh nádúr bhogadh daoine ó cheantar go ceantar agus an plé a bhíonn ag ceantair le chéile. Más féidir liom a rá go ginearálta gan dul roimh obair an Choimisiúin, b'fhéidir gurb é ceann de na fadhbanna a bhain leis an nGaeltacht ó bhunú an Stáit nár tugadh dóthain airde speisialta do na ceantair timpeall ar imeall na Gaeltachta a bhí díreach taobh amuigh de na limistéir oifigiúla. Caithfidh tú smaoineamh gur tharla rudaí nádúrtha, daoine ag pósadh isteach agus ag pósadh amach agus mar sin de. Caithfimid breathnú ar seo mar cheist chasta shóisialta agus níl sé díreach chomh simplí le líne a tharraingt ar léarscáil. Dá mba é sin a bheadh i gceist bheadh sé déanta ní hamháin agamsa ach tá mé cinnte go mbeadh sé déanta ag an Teachta Ó hUiginn nuair a bhí sé ina Aire.

Ba mhaith liom a fháil amach ó fhreagra an Aire Stáit cad is brí le moltaí dearfacha. B'fhéidir go bhfanfaimid go dtiocfaidh na moltaí amach. Léigh mé le déanaí tuairisc a dúirt go raibh níos mó Gaeilge in úsáid i bPairlimint nó i dTionól Stormont ná mar a n-úsáidtear sa Dáil. An féidir mar sin a rá leis na h-institiúidí tras-teorann gur féidir leis na moltaí tagairt a dhéanamh don scéal sláintiúil atá in áiteanna ó thuaidh maidir le húsáid na Gaeilge de – áiteanna i mBéal Feirste mar shampla? An mbeadh aon cheist ann amach anseo go bhféadfaí áiteanna ó thuaidh a bheith mar Ghaeltachtaí chomh maith le háiteanna ó dheas? Nó an bhfuilimid teoranta fós sna Sé Chontae Fiche ó thaobh na ceiste sin?

Is ceist don Rialtas Gaeltacht a ainmniú agus níl feidhm ag an Rialtas seo ach do Sé Chontae Fiche. Tá Gaeltachtaí ar ndóigh in Albain ainneoin nach bhfuil an t-aitheantas oifigiúil acu mar atá anseo. Ach labhartar an Ghaeilge go cointianta sna ceantracha.

Maidir leis an gCoimisiún, tá saoirse iomlán acu staidéar a dhéanamh ar gach rud taobh istigh de na téarmaí tagartha acu agus tá sé curtha in iúl go soiléir don Choimisiún go gcuirfear na h-acmhainní cuí ar fáil chuige. Mar sin, más gá saineolaithe a thabhairt isteach a bhfuil saineolas faoi leith acu faoin mbrú atá ar theangacha ar nós na Gaeilge ach i dtíortha eile, mar shampla, sa Bhreatain Bheag, beimid in ann a gcomhairle siúd a lorg. Tá sé ráite go soiléir agam leis an gCoimisiún go mbeidh an saoirse sin acu ó aon Rialtas réasúnta más gá faoi réir cead a fháil agus airgead a bheith curtha ar fáil chuige. Caithfimid breathnú ar an rud seo go teangeolaíoch agus go dearfach. Ní bheidh srian curtha len a gcuid oibre. Is Coimisiún é seo le breathnú ar na Gaeltachtaí taobh istigh de na Sé Chontae Fiche. Tá an rud seo ag dul ar aghaidh chomhthreomhar leis an bhForas Teanga atá bunaithe don oileán uilig agus leis an obair atá ar bhun cheana féin ar Bhille na Gaeilge. Mar sin, is cuid é seo de phacáiste iomlán a bhaineann leis an tír uilig ach, mar a dúirt an Teachta Ó Sé, is cuid an-phráinneach é seo. Tá mise ag iarraidh breathnú air i gcomhthéacs iomlán agus i gcomhthéacs dearfach seachas a bheith ag díriú ar ghné bheag amháin nach réiteodh aon fhadhb as féin.

Tá fhios ag an Aire nach bhfuil mise ag caint ar línte a tharraingt ar léarscáil ach tá réimsí móra taobh istigh de theorannacha na Gaeltachta nach Gaeltalchtaí iad. Níl sé sin ceart. Bhí an tAire ag caint ar chaighdeán teangeolaíochta a bheith i bhfeidhm do cheantair Ghaeltachta. Níl siad sin againn. Tá an cheist go léir curtha faoi bhráid an Choimisiúin anois. Cathain a bheidh obair dheimhnitheach déanta agat ar an ábhar seo?

Mar a dúirt mé, mar atá ráite go poiblí agus mar a dúradh nuair a bunaíodh an Coimisiún, i gcionn bliana.

Ní bheidh sibh in oifig ansin.

Beimid.

Written Answers follow Adjournment Debate.

Top
Share