Ní raibh aon chomhráite agam leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta i dtaca le foclóirí nua Gaeilge-Béarla nó Béarla-Gaeilge a thionscnamh.
Tá cúram i dtaca le forbairt a dhéanamh ar fhoclóireacht agus ar théarmaíocht na Gaeilge tugtha don Fhoras Teanga faoin Acht um Chomhaontú na Breataine na hÉireann, 1999.
Tuigim ón Áisínteacht Gaeilge den Fhoras gur eagraigh an Áisínteacht seimineár ar 28 Aibreán 2000 ar phleanáil Corpus na Gaeilge (téarmaíocht, foclóireacht, caighdéan na Gaeilge, srl.); gur aontaíodh ag an seimineár sin go raibh sé riachtanach foclóir nua Béarla-Gaeilge ach go háirithe a chur ar fáil; agus go bhfuil feidhmiú an chúraim sin i dtaca le foclóireacht agus téarmaíocht na Gaeilge á phlé ag an Áisínteacht.