Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 May 2000

Vol. 520 No. 2

Written Answers. - Special Areas of Conservation.

Trevor Sargent

Question:

24 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na coinníollacha a bhaineann le limistéar caomhantais speisialta (special area of conservation) i gcomhthéacs Ghleann Dá Ghrua, Contae Chill Mhantáin; agus an bhfuil cuid de Ghleann Dá Ghrua faoi chosaint SAC faoi láthair nó cathain a bheidh sé faoi chosaint SAC. [15056/00]

Tá iarratas déanta chuig Chomisiún an Aontas Eorpaigh go n-aithneofar Gleann Dá Ghrua mar Ceantar Speisialta Chaomhnaithe. Faoi réir Threoir Ghnáthóga an Aontas Eorpaigh ní féidir liomsa aon láithreán a ainmniú mar Ceantar Speisialta Chaomhnaithe go dtí go nglacann an Coimisiún le liosta láithreáin. Ní miste a lua nach bhfuil aon láithreán atá curtha ar aghaidh ag aon ball Stát, Éireann ina measc, glactha ag an Coimisiún.

Caithfear impleachtaí aon plean nó forbairt a d'fhéadfaí dochar substaintiúil a dhéanamh d'aon láithreán a bhfuil le ainmniú a mheas i gcomhtheacs spriocanna caomhnaithe an láithreáin. Tá cosc ar aon plean nó forbairt a dhéanfadh dochar substaintiúil dá stádas caomhnaithe. Ní féidir eisceacht a dhéanamh ach amháin ar cúiseanna ina bhfuil leas dósháraithe an phobail i gceist. Nuair nach bhfuil aon gnáthóg nó speiceas thosaíochta i gceist féadfaí eisceachtaí a dhéanamh ar cúinsí soisialta nó eacnamaíochta. I gás láithreán ina bhfuil gnáthóg nó speiceas thosaíochta ní ceadófar eisceachtaí ach amháin ar cuinsí sláinte poiblí nó sábháilteacht poiblí.

Top
Share