Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 31 May 2000

Vol. 520 No. 2

Written Answers. - Grant Payments.

Donal Carey

Question:

30 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil athbhreithniú déanta aici ar an scéim um labhairt na Gaeilge agus an bhfuil sí in ann a insint don Teach cad é méid an deontais a bheidh ag na mná tí i samhradh na bliana 2000. [15338/00]

Táim ag glacadh leis gurb í scéim na bhfoghlaimeoirí gaeilge atá i gceist ag an Teachta. Déanadh cinnithe ag tús na bliana seo i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i ndáil le moltaí an ghrúpa a rinne athbhreithniú ar na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na coláistí Gaeilge samhraidh scéim na bh Foghlaimeoirí Gaeilge san áireamh – agus cuireadh na cinnithe sin in iúl do na coláistí agus do na teaghlaigh a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge. Deontas lae thúil £5.00 a bheidh iníoctha faoin scéim i mbliana, i leith foghlaimeoirí a bheidh ar iostas le teaghlaigh Ghaeltachta.

Top
Share