Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Oct 2000

Vol. 523 No. 4

Written Answers. - Aerstráice a chur ar fáil ar Oileáin Thoraí.

Dinny McGinley

Question:

195 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le haerstráice a chur ar fáil ar oileán Thoraí. [21386/00]

Ar iarratas uaimse, tá Údarás na Gael tachta faoi láthair i mbun oibre ar dhearadh agus pleanáil aerstráice d'Oiléan Thoraí. Tuigim ón Údarás go bhfuil i gceist acu iarratas ar Chead Pleanála don aerstráice a dhéanamh roimh deireadh na bliana seo ach Ráiteas Thionchar Timpeallachta a bheith curtha i gcríoch acu roimhré. Tá an obair ar an ráiteas sin tosaithe cheana féin agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe faoi cheann ocht seachtainí.

Neamhspleach ón obair sin, tá cinneadh déanta agam go ndéanfaí staidéar cuimsitheach ar cheist na n-aerstráicí oiléanda ionas go gcuirfí ar an eolas mé faoin mbealach ab fhearr le thabhairt faoin obair chun seirbhísí aeir a sholáthar go dtí na h-oileáin amach ón gcósta. Sa chomhthéacs seo, tá Coiste Stiúrtha agus Monatóireachta bunaithe agam le ionadaithe ó Údarás Eitlíochta na hÉireann, an Roinn Fiontar Poiblí, Údarás na Gaeltachta agus ó mo Roinn féin chun an staidéar seo a chur i gcríoch. Tionóladh an céad chruinniú den Choiste seo ar an Déardaoin, 14ú Meán Fómhair 2000.

Top
Share