Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Oct 2000

Vol. 523 No. 4

Written Answers. - Bhalla Cosanta Farraige.

Dinny McGinley

Question:

196 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn le haghaidh deontais do bhalla cosanta farraige ag an Bhaile Thiar ar Oileán Thoraí; cén fáth go bhfuil moill ar an obair; agus cén uair atá súil acu go dtosnófar ar an scéim. [21387/00]

Aithním go bhfuil gá le balla cosanta nua a thógáil ag an mBaile Thiar, Oileán Thoraí le haghaidh cosaint ón fharraige a thabhairt do na tithe sa mbaile sin, don bhóthar agus don Chloigtheach – Séadchomhartha Náisiúnta den 6ú Aois. Ar an mbonn sin, agus tar éis comhráití idir oifigigh de chuid mo Roinnse agus Comhairle Chontae Dhún na nGall maidir leis an togra seo, lorg an Comhairle Chontae tairiscintí don obair seo ar an tuiscint go mbeadh sé ag tosú láithreach. Ní bhfuarthas ach tairiscint amháin don obair, áfach, agus bhí an tairiscint sin i bhfad níos áirde ná mar a bhíothas ag súil leis.

Tar éis d'innealtóirí de chuid mo Roinnse, an Chomhairle Chontae agus Comhairleóirí a bhí fostaithe ag an gComhairle don togra an tairiscint seo a scrúdú agus tar éis don Chomhairle Chontae dul i mbun comhráití leis an gconraitheóir a rinne an tairiscint, thángthas go dtí an tuairim go raibh an tairiscint ró-ard. Ar na cúinsí sin, thóg mé cinneadh gan ghlacadh leis an tairiscint sin ach a iarraidh ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall tairiscintí nua a lorg ar an mbonn go mbeadh an obair le tosú in Earrach na bliana 2001 nuair a bheadh tairbhe na laethanta fhada agus aimsir níos fearr ann agus, ar ndóigh, seans níos fearr tairiscint(í) níos réasúnta a fháil don obair dá bharr.

Tá Cigire na Roinne den tuairim gur le linn an tsamhraidh is fearr le tabhairt faoi obair den chinneál seo agus tar éis dó an balla atá ann agus na deisiúcháin a rinne Comhairle Chontae Dhún na nGall air anuraidh a scrúdú, tá sé den tuairim freisin go seasfaidh sé geimhreadh eile.
Top
Share