Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Oct 2000

Vol. 523 No. 5

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Dinny McGinley

Question:

241 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán na scoileanna in ngach contae gaeltachta a rinne iarratas ar dheontais scéime labhartha na Gaeilge; an líon daltaí as gach scoil ar ceadaíodh an deontas dóibh; agus an líon nár éirigh leo an deontas a fháil. [21507/00]

Is iad teaghlaigh Ghaeltachta a dhéineann iarratas ar chúnamh faoi Scéim Labhairt na Gaeilge.

Tá leis seo anois eolas maidir le líon na dteaghlach a rinne iarratas faoin Scéim i ngach contae sa scoilbhliain 1998-99 agus an méid díobh a thuill agus a diúltaíodh an deontas dóibh:

Contae

Líon na n-Iarratas

Líon a thuill an Deontas Iomlán

Líon a thuill an Deontas Laghdaithe

Líon Diúltaithe

Co. Dhún na nGall

1,159

787

217

155

Co. Mhaigh Eo

250

87

91

72

Co. na Gaillimhe

1,537

1,115

256

166

Co. Chiarraí

421

221

150

50

Co. Chorcaí

135

36

73

26

Co. Phort Láirge

40

11

24

5

Co. na Mí

41

11

16

14

Iomlán

3,583

2268

827

488

Top
Share