Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Oct 2000

Vol. 523 No. 5

Written Answers. - Deontais do Thithe.

Dinny McGinley

Question:

242 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an líon iarratas ar dheontais do thithe úra a fritheadh ina Roinn ón 1 Eanáir 2000 go dáta; na contaetha as ar fritheadh na hiarratais; agus an líon a ceadaíodh i ngach cás. [21508/00]

Dinny McGinley

Question:

245 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé méid iarratas a fuarthas ina Roinn ón 1 Eanáir 2000 go dáta ar dheontais fheabhsúcháin tithíochta sa Ghaeltacht ó gach contae; cén líon acu a scrúdaíodh agus a ceadaíodh go dtí seo; agus cén líon a diúltaiódh. [21511/00]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 242 agus Uimh. 245 le chéile.

Seo leanas líon na n-iarratas ar dheontais i leith tithe nua agus an líon díbh sin atá ceadaithe i gcás na Gaeltachtaí eagsúla sa tréimhse 1 Eanáir go 30 Méan Fómhair 2000:

Gaeltacht

Líon na nIarratas

Líon Ceadaithe

Dún na nGall

52

8

Maigh Eo

11

2

Gaillimh

88

24

Ciarraí

22

6

Corcaigh

14

4

Pórt Láirge

12

5

3

0

Iomlán

202

49

Seo leanas líon na n-iarratas ar dheontais feabhsúcháin tithíochta, an líon díbh sin atá scrúdaithe, ceadaithe agus diúltaithe i gcás na Gaeltachtaí eagsúla sa tréimhse 1 Eanáir go 30 Méan Fómhair 2000.

Gaeltacht

Líon na nIarratas

Líon Scrúdaithe

Líon Ceadaithe

Líon Diúltaithe

Dún na nGall

375

280

123

29

Maigh Eo

118

80

22

8

Gaillimh

350

305

161

24

Ciarraí

73

62

50

6

Corcaigh

36

22

11

0

Port Láirge

13

10

5

1

5

4

1

1

Iomlán

970

763

373

69

*I gcás an 763 atá scrúdaithe (ag an gCigire) tá 321 cás le proiseáil fós.
Top
Share