I mí an Mheithimh, 1999, tar éis athbhreithniú a rinneadh ar an riachtanas a bhain leis an nGaeilge maidir le ceapachán múinteoirí iarbhunoideachais, fógraíodh nach mbeadh an riachtanas sa Ghaeilge ann a thuilleadh le haghaidh ceapacháin mar mhúinteoir iarbhunscoile i gcás bhunáite na múinteoirí sin nár ghá dóibh an Ghaeilge a úsáid ina ngnáthdhualgais laethúla.
Measadh go raibh an riachtanas a bhain leis an nGaeilge diúltach, nach é an oiread sin de thairbhe a bhain leis agus go rachadh an t-athrú a bhí i gceist chun leasa do sheasamh na Gaeilge sna scoileanna agus i measc múinteoirí. Measadh, ina theannta sin, go mb'fhusa do mhúinteoirí aistríu idir tuaisceart agus deisceart na hÉireann mar gheall ar an socrú nua.
Ba é cuspóir a bhain leis an leasú seo ná córas cóir a chur i bhfeidhm maidir leis na riachtanais a bhain le ceapacháin múinteoirí. Ar an ábhar sin, níor measadh gur ghá próiseas comhairleach a chur i bhfeidhm maidir leis an leasú áirithe sin.
Chun freastal cóir a dhéanamh ar riachtanais an chórais iarbhunoideachais maidir le húsáid na Gaeilge mar mheán teagaisc agus cumarsáide, tugadh an teastas Gaeilge do mhúinteoirí iarbhunscoile isteach le héifeacht ó thosach na scoilbhliana 1999-2000.
Nuair a bhí an siollabas don teastas Gaeilge do mhúinteoirí iarbhunscoile á cheapadh cuireadh cibé moltaí agus tuairimí maidir le hábhar an tsiollabais a cuireadh faoi bhráid na Roinne san áireamh.
Cuirfidh mo Roinnse fáilte i gcónaí roimh aon mholtaí nó tuairimí faoin teastas Gaeilge do mhúinteoirí iarbhunscoile a thiocfaidh ónár gcomhpháirtithe.