Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Oct 2000

Vol. 523 No. 5

Written Answers. - Measúnú Praiticiúil Eolaíochta.

Trevor Sargent

Question:

282 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad a tharla don phróiseas comhairleach leis na páirtnéirí éagsúla chun measúnú praiticiúil ar an Eolaíocht sna scoileanna a thabhairt isteach tar éis staidéar 1997 agus tar éis staidéar eile i 1999, nó an bhfuil staidéar eile beartaithe. [21532/00]

Tugadh faoin staidéar féideartheachta ar mheasunú praiticiúil san fhisic agus sa cheimic i 1997 chun a mheas an bhféadfaí córas cóir, bailí agus iontaofa a chur i bhfeidhm san Ardteistiméireacht.

Mhol an tuairisc ar an staidéar féidearthachta go gcuirfí i bhfeidhm an modh measúnaithe san obair phraiticiúil a moladh nuair a thabharfaí isteach na siollabais nua. Moladh, freisin, go gcuirfí mionathruithe i múnla na ceimice agus athruithe níos forleithne i múnla na fisice i bhfeidhm. Dúradh go sonrach, freisin, gur theastaigh clár lea- than traenála do mhúinteoirí agus clár feabhsúchán acmhainní.
Tar éis an tuairisc a mheas, d'iarr an Roinn a thuilleadh anailíse. Thaispeáin an staidéar nár éirigh leis an múnla, mar ar moladh é, a dhóthain idirdhealú a dhéanamh idir iarrthóirí nuair a cuireadh i gcomparáid marcanna na n-iarrthóirí a ghlac páirt sa staidéar féidearthachta leis na marcanna a fuair na hiarrthóirí céanna ar na ceisteanna a rinne scrúdú ar an obair phraiticiúil i scrúduithe Ardteistiméireachta na bliana 1997 san fhisic agus sa cheimic. Socraíodh ansin, cé gur éirigh leis an múnla cuid de na haidhmeanna a leagadh síos a bhaint amach, nach raibh sé oiriúnach le tabhairt isteach i scoileanna sa riocht ina bhfuil sé.
Tá impleachtaí nach beag iad ag baint le measúnú praiticiúil a thabhairt isteach, agus go háirithe mar a bhaineann sé le hionracas scrúdú na hArdteistiméireachta féin. Caithfear a thaispeáint le pé múnla measúnaithe phraiticiúil gur féidir leis torthaí bailí agus iontaofa a sholáthar. Caithfear, chomh maith, a bheith ábalta an múnla measúnaithe phraiticiúil a roghnófar a chur i bhfeidhm ar réimse ábhar eolaíochta agus ag leibhéil éagsúla ábhar. Agus níor cheart, ach an oiread, go gcuirfeadh an modh measúnaithe phraiticiúil isteach ar am múinteoireachta sa seomra ranga.
Shocraigh mé na siollabais nua san fhisic agus sa cheimic a thabhairt isteach i Meán Fómhair na bliana seo gan aon mhír de mheasúnú praiticiúil leis don chéad dá chohórt d'iarrthóirí, i.e. iad sin a thógfaidh scrúdú na hArdteistiméireachta i 2002 agus i 2003. Tabharfaidh sin deis chun an clár feabhsúchán acmhainní agus an clár feabhsúchán i scileanna múinteoireachta, a bhfuil an-dul chun cinn déanta aige, a chur i bhfeidhm
Tá iniúchadh á dhéanamh ag mo Roinnse faoi láthair ar na ceisteanna éagsúla a bhaineann le measúnú praiticiúil a thabhairt isteach agus fiosrú gníomhach á dhéanamh ar na múnlaí éagsúla, agus iad sin atá á n-úsáid i gcórais eile oideachais san áireamh. Táim fós meáite ar modh éigin a bhunú a thabharfadh aitheantas d'obair phraiticiúil trasna an réimse ábhar eolaíochta.
Top
Share