Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 Oct 2000

Vol. 524 No. 5

Written Answers. - Riar Áistí Pá.

Dinny McGinley

Question:

426 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol di go bhfuil riaráistí pá agus tuarastail le fáil ag iaroibrithe (sonraí ar fáil); agus cé na hiarrachtaí atá á ndéanamh leis an airgead a íoc leo. [23197/00]

Is gnó é seo d'Údarás na Gaeltachta amháin. Tuigim ón eagraíocht sin: gur fhág an comhlacht príobháideach i gceist, a bhí i mbun gnó i gCill Charthaigh, an foirgneamh ina raibh an gnó ar bun acu gan aon fhógra a thabhairt do na hoibrithe nó d'úinéir an fhoirgnimh, Údarás na Gaeltachta; gur de bharr fadhbanna sa mháthairchomhlacht sa tSualainn a éiríodh as gnó i gCill Charthaigh. Tuigtear gur dúnadh gnó eile a bhí sa ghrúpa, in Albain, chomh maith ag an am céanna; go bhfuil seilbh glactha ar ais ag an Údarás ar an bhfoirgneamh agus go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh na deontais a bhí íochta leis an gcomhlacht a haisghabháil; go bhfuil timpeall £7,500 in iomlán dlite do naoi bhfostaí a bhí ag obair sa chomhlacht nuair a dúnadh é. Clúdaíonn an tsuim sin seachtain pá, pá saoire, íocaíocht i leith fógra scoir agus íocaíochtaí iomarcaíochta); agus go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag na hiar-fhostaithe anois an pá agus aon íocaíochtaí iomarcaíochta atá ag dul dóibh a fháil tríd an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais agus an Roinn Fiontar, Trádala agus Fostaíochta, faoi seach.

Top
Share