Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 14 Nov 2000

Vol. 525 No. 5

Priority Questions. - Cúrsaí Gaeilge Samhraidh.

Dinny McGinley

Question:

97 D'fhiafraigh Mr. McGinley chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an raibh cruinniú aici le mná tí na Gaeltachta, na nithe a ndearnadh plé orthu ag an chruinniú, agus an bhfuil aon chinneadh déanta aici fá na moltaí a cuireadh ina láthair. [25601/00]

Chas mé le mná tí a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i nDún na nGall ar 2 Samhain 2000 agus pléadh go leor gnéithe den scéim a bhí ag cur as dóibh. Ar ndóigh baineann na nithe seo leis na coláistí chomh maith agus tá sé i gceist agam casadh le h-ionadaithe ós na coláistí Gaeilge samhraidh ó ghach aird den Ghaeltacht ar 22 Samhain 2000 chun na nithe sin a phlé. Déanfar cinneadh go han luath ar mholtaí a tháinig nó a thiocfaidh as na cruinnithe sin agus ar ndóigh ar mholtaí atá ag mo Roinn féin chun an córas a fheabhsú tuilleadh.

An aontódh an tAire go bhfuil deacrachtaí ag go leor de na coláistí Gaeilge anois ar fud na tíre agus go speisialta sa tuaisceart agus muna dtugtar árdú suntasach do na mná tí gan mhoill, sé sin an bhliain seo chugainn, – agus tá siad ag iarraidh £3 in aghaidh an lae – beidh sé níos deacra ar na coláistí gníomhú go héifeachtach sna blianta amach romhainn mar go mbeidh sé níos deacra mná tí a fháil. Tá go leor de na mná tí atá ag na coláistí faoi láthair acu le blianta fada agus de réir mar atá siad ag dul in aois beidh siad ag titim amach as an chóras. Ní shílim go bhfuil an fonn céanna ar na mná óga teacht isteach mar tá fostaíocht de chineál eile acu. Sin ceann de na fadhbanna a bheidh ag na coláistí sna blianta amach romhainn, mná tí a fháil chun cóiríocht a dhéanamh ar son na bpáistí.

Muna gcuirtear deontas sa bhreis ar fáil beidh an deacracht sin ag éirí níos measa in aghaidh na bliana.

Níl líon na dteaghlach atá ag coinneáil Gaeilgeoirí ag titim. Mar shampla, bhí líon na dteaghlach a bhí ag coinneáil Gaeilgeoirí anuraidh naoi nduine déag níos mó ná mar a bhí an bhliain roimhe sin. Tháinig an méadú ba mhó ar líon na dteaghlach i dTír Chonaill. Tá gá, ar ndóigh, an t-am ar fad a bheith ag cinntiú go mbeidh an íocaíocht cheart á fháil ag na mná tí. Ach ní shin ceist a bhaineann leis an Roinn amháin nó leis an Stát. Baineann sé leis na coláistí agus is ar na coláistí atá an príomh-dhualgas na mná tí a íoc i gceart. Níl mórán mhaitheas don Stát a bheith ag méadú airgid do na mná tí muna bhfuil na coláistí ag déanamh an rud céanna. Mar atá rudaí i láthair na huair tá difríocht oll-mhór idir an méid atá na coláistí ag íoc an méid is lú agus na coláistí atá ag íoc an méid is mó leis na mná tí. Ní thuigim cad é an míniú atá ar seo agus tá mé ag iarraidh casadh leis na coláistí chun míniú a fháil ar an scéal seo.

Thiocfainn leis an Teachta go bhfuil cás láidir ann go n-árdódh na coláistí an méid airgid atá siad ag íoc leis na mná tí le go mbeadh íocaíocht cheart as coinneáil Gaeilgeoirí.

Sílim go bhfuil sé furasta go leor míniú a chur ar an scéal. Ní shílim gur féidir comparáid dlisteanach a dhéanamh idir coláiste amháin agus coláiste eile nó Gaeltacht amháin agus Gaeltacht eile. An aithníonn an t-Aire Stáit go mbíonn deacrachtaí ar leith ag Gaeltacht Uladh i dTír Chonaill, sé sin, scoláirí a mhealladh go Dún na nGall? Tá sé i bhfad níos deacra ar chúis éigin scoláirí a mhealladh ó Bhaile Átha Cliath nó ó lár na tíre go Tír Chonaill ná mar atá sé go Gaillimh nó páirteanna eile den tír.

Bhí na coláistí i dTír Chonaill i gcónaí ag brath ar Thuaisceart Éireann agus bhí a gcuid trioblóidí féin acu agus bhí sé deacair dá bhrí sin. An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil an táille a íocann na tuismitheoirí do na daltaí a théann go coláistí i dTír Chonaill go ginearálta i bhfad níos ísle ná na táillí a íoctar i gConnamara nó Gaeltachtaí eile? Mar sin, ní féidir a bheith ag déanamh comparáid idir Gaeltacht amháin agus Gaeltacht eile nó fiú coláiste amháin agus coláiste eile laistigh den Ghaeltacht céanna.

Ní aontaím leis an Teachta. Ar an gcéad dul síos, luífeadh sé le réasún go dtiocfadh na scoláirí nó na gasúir ar fad ó chúige Uladh agus tuaisceart chúige Laighean a bhéadh ag dul go coláiste Ghaeilge go Tír Chonaill. De réir mar a thuigim, sin a tharlaíonn. Tarlaíonn sé go bhfuil an dara cathair is mó sa tír i gcúige Uladh. Mar sin, tá riar mhór gasúir ar fáil.

Glacaim leis san am atá caite go raibh deacracht o thaobh airgid de ag muintir Thuaisceart Éireann dul go dtí an Ghaeltacht, ach ar dhá chuis níl sé sin fíor. Tá borradh eacnamaíochta ó thuaidh le hais mar a bhí sna pobail atá i gceist agus, chomh maith le sin, tá an punt-sterling thar a bheith láidir i láthair na huaire. Shílfeá ar an mbonn sin nach mbéadh fadhb ar bith ag muintir an Tuaiscirt íoc as dul ag coláiste Gaeilge.

Má dhéanaimid scrúdú ar na táillí atá á íoc, tá siad thar a bheith íseal i chuile áit den tír i gcomparáid le cúrsaí eile, mar shampla, cúrsaí le haghaidh teangacha Mór-Roinne a mhúineadh, atá i bhfad níos airde. Mar sin, tá na tuismitheoirí ag fáil luach an-mhaith ó na coláistí Gaeilge.

Ní ghlacaim leis go bhfuil aon leithscéal níos mó ann nach mbéadh táille comhionann, beag nó mór, á íoc ag na coláistí éagsúla. Is rogha dóibh féin é ag deireadh an lae ach níor cheart dóibh leithscéal a dhéanamh de. Má thograíonn siad gan táille ard a ghearradh agus gan mórán airgid a íoc do na mná tí agus má ghlacann mná tí le sin, sin cheist dóibh siúd. Ní ghlacaim go bhfuil aon phrionsabal i gceist anseo agus ní ghlacaim leis ach oiread go mba cheart go mbéadh aon deacracht ag muintir chúige Uladh ó thaobh gasúir a mhealladh thar mar a bhéadh ag aon Ghaeltacht eile. Mar is eol do Teachta, tá taithí agam ar an ngnó seo mar thosaigh mé agus rith mé coláiste Gaeilge agus tá eolas maith agam ar an ngnó.

Top
Share