Is féidir liom na nótaí a scaipeadh. Caithfidh mé a rá, sa chaoi a bhfuil cúrsaí sa Teach seo go minic agus rudaí scríofa amach roimh ré ag daoine, nach díospóireacht a bhíonn sa Teach níos mó ach daoine ag seasamh suas ag tabhairt réamh-ráitis agus creidim féin gur measa i bhfad cúrsaí díospóireachta sa Teach seo ó tharla na ráitis a bheith scríofa. Bheadh sé chomh maith iad ar fad a leagaint isteach sa leabharlann agus gan bacaint le bheith ag labhairt sa Teach seo ar chor ar bith.
Ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht tá na céimeanna seo leanas tógtha. San Acht Oideachais tá foráil an-láidir i gcúrsaí Gaeilge agus tá dream daoine le bunú faoin Acht sin a thabharfaidh aire do chúrsaí oideachais tré Ghaeilge agus do chúrsaí mhúineadh na Gaeilge go ginearálta.
San Acht Pleanála a achtaíodh le gairid tá forálacha an-láidir ann don chéad uair riamh maidir le caomhnú na teanga sa Ghaeltacht. Ní raibh sé sin ann cheana agus dá uireasa bhí sé ag déanamh go leor dochair go mór mhór i nGaeltachtaí ar imeall cathrach ar nos Gaeltacht na Gaillimhe.
Tháinig Acht Údarás na Gaeltachta isteach. Go deimhin bhí dhá Acht Údarás ann agus faoin Acht sin deineadh athrú ó bhun ar an Údarás. Deineadh níos daonlathaí é agus tugadh forlámhas níos mó do phobal na Gaeltachta ar a ngnótha féin.
Tháinig Acht isteach maidir le bunú Foras Teanga, Foras na Gaeilge mar chuid de sin. Faoin Acht sin tugadh stádas don Ghaeilge nach raibh riamh cheana aici sa tír sa mhéid is go bhfuil deighleáil le cúrsaí Gaeilge anois mar chuid lárnach de ghnótha Thuaidh is Theas. Bhí sé ar cheann den sé Fhoras tosaigh a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Tá méadú mór tagtha ar chaiteachas ar bhunstructúr na Gaeltachta. Is rud fíor-thábhachtach é sin mar bhí sé de thuairim láidir ag pobal na Gaeltachta gurb ionann an seasamh a bhí ag an nGaeilge agus bunstructúr na Gaeltachta a bhí thar a bheith lag. Tá áthas orm go bhfuil éirithe liom deireadh a chur leis an scéal sin tré tabhairt faoi bhunstructúr den scoth a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Tá feabhas curtha ar scéimeanna Gaeltachta uilig, Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus Scéim Labhairt na Gaeilge.
Bunaíodh scéim náisiúnta Gaeltachta do chuntóirí teanga mar go bhfuil fadhb sa Ghaeltacht faoi láthair maidir le gasúir atá á dtógáil le Béarla ar chúis amháin nó ar chúis eile agus bhí gá le cúnamh sna scoileanna. Bunaíodh Coiste Comhairleach na nÓg, coiste do dhaoine óga sa Ghaeltacht atá ag cur comhairle orm maidir le polasaithe dóibh agus a bheidh ag foilsiú tuarascála go luath san athbhliain. Bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta, an chéad uair riamh gur breathnaíodh go sonrach ar cheist na Gaeilge sa Ghaeltacht ag Coimisiún ar bith. Bhí fíor ghá leis sin agus is rud é a dhéanfaidh an-difríocht.
Tá obair an-mhór ar bun maidir le Bille Teanga a réiteach. Tá súil agam an Bille seo a fhoilsiú an bhliain seo chugainn. Ag réiteach an Bhille caithfear a thuiscint gur reachtaíocht as an nua ar fad atá i gceist anseo agus mar is eol do na Teachtaí a bhí in a nAirí tá obair an-mhór i gceist chun Bille ar bith a réiteach. Go deimhin féin faoin am a fhágfaidh an Rialtas seo oifig beidh níos mó reachtaíocht faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht curtha tríd Tithe an Oireachtais le linn a dtréimhse oifige ná mar a cuireadh tríd san iomlán ón mbliain 1956 i leith.
Tháinig an Coimisiún Logainmneacha anonn go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus leis an athrú sin tá sé i gceist tabhairt faoin cheist sin ar fad agus cinnte a dhéanamh de go ndéanfar caomhnú ar logainmneacha traidisiúnta na tíre. Ar deireadh, tá méadú nach beag curtha ar an airgead atá curtha ar fáil do TG4 agus freisin tá curtha go mór le huaireannta craolta Raidio na Gaeltachta.
Le bunú Fhoras na Gaeilge is dóigh liom go bhfuil ceann de na céimeanna is tábhachtaí i saol na Gaeilge tógtha. Den chéad uair beidh polasaí cuimsitheach Gaeilge, agus airgead dá réir á chur leis, á fheidhmiú taobh ó thuaidh agus ó dheas den teorainn. Beidh an Ghaeilge á láimhseáil anois ar bhonn Uile-Éireann as seo amach. De bharr go raibh sé ar cheann den sé Fhoras tosaigh a bunaíodh tugann sé stádas nach beag don Ghaeilge agus cuirfidh sé go mór le saol na Gaeilge amach anseo.
Ar ndóigh, níl aon mhaitheas sna hiarrachtaí iomlán ag an Stát muna mbeidh de thoradh ar sin go gcuirfimid níos mó Gaeilge á labhairt i measc an phobail go ginearálta. Ceann de na rudaí go gcaithfear díriú air ná féachaint cén chaoi is féidir tógáil anois go stuama ar an obair íontach atá ar bun ag na pobail éagsúla gaelscoileanna ar fud na tíre. Cén chaoi is féidir linn an fáinne fí a bhí ann ariamh maidir leis an Ghaeilge a bhriseadh, sé sin an fáinne fí go bhfoghlaimíonn go leor daoine an Ghaeilge sa scoil, bíonn ard-chumas sa teanga acu ag fágáil na scoile dóibh agus deich mbliana i ndiaidh sin ceal úsáide bíonn an teanga dearmadtha acu.
Creidim féin gurb é ceann de na rudaí is mó go gcaithfimid breathnú air taobh amuigh den Ghaeltacht ná cén chaoi is féidir linn, bunaithe timpeall ar leithéidí na ngaelscoileanna agus eagrais eile Ghaeilge, pobail bheo Ghaeilge a bhunú in a mbeidh deiseanna ag daoine an Ghaeilge a úsáid go laethúil agus go mbeidh gréasáin de chainteoirí Gaeilge ann a mbeidh deis acu an Ghaeilge a labhairt go rialta.
Maidir le cúrsaí Gaeltachta is dóigh liom anois go gcaithfimid aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil brú nach beag curtha ag institúidí stáit, ag an imirce agus ag easpa deiseanna fostaíochta sa Ghaeltacht ar an bpobal ann. Sin é an fáth go bhfuil go leor de phobal na Gaeltachta anois, fiú amháin iad siúd a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu, ag labhairt an Bhearla mar chéad theanga. Tuigim dóibh agus tuigim na cuinsí stairiúla a bhaineann leis seo. Is gnó do Choimisiún na Gaeltachta na h-údair sin a scrúdú agus féachaint cén leigheas atá orthu. Cinneadh pobail a bheidh ann sa deireadh ach is féidir leis an Stát tionchar mór a imirt ar na roghanna a bheidh ag an phobal. Creidim má fheiceann an pobal gurb é a leas Gaeilge a labhairt le gasúir mar go mbeidh Béarla acu ar aon chaoi, go ndéanfaidh siad é sin.
Ceann de na rudaí gur mhaith liomsa a fheiceáil ná go ndíreoimid go mór ar fheachtas agus is é a bheadh mar mhanna ar an fheachtas sin ná Gaeilge ón gcliabhán. Sé sin le rá go ndéanfaimis iarracht a chur in a luí orthu siúd a bhfuil Gaeilge acu go bhfuil gach buntáiste, agus níl aon mhíbhuntáiste, déanamh cinnte má tá an Ghaeilge acu go labhróidh siad í mar chéad theanga le gasúir. Dá ndéanfaí é sin ní bheadh aon amhras faoi ní hamháin go dtiocfadh an Ghaeltacht slán ach go bhfásfadh sí agus go mbeadh forás uirthi sna blianta amach romhainn.
Chuige sin tá athrú polasaí iomlán ag teastáil. Ceann de na ceisteanna a ritheann liom ná cén fáth nach n-éiríonn linn níos mó de thionscail na Gaeltachta a bhunú ar an mbun-acmhainn amháin atá ag an Ghaeltacht nach bhfuil in áit ar bith eile sa tír agus sé sin an Ghaeilge mar theanga phobail.
Bhí comhráití agam le gairid le Cathaoirleach agus feidhmeannaigh sinsearacha Údarás na Gaeltachta agus phlé mé an cheist leo gur chreid mé go mba cheart go mbeadh athrú mór polasaí ann agus go mbunófaí i bhfad níos mó postanna ard-chaighdeán sa Ghaeltacht a d'úsáidfeadh an Ghaeilge mar bhun-acmhainn le haghaidh na bpostanna sin. Tá postanna san oideachas i gceist, sa tsláinte, i gcúrsaí áirnéis agus i seirbhísiú eagraíochtaí nuair a bheidh an tAcht Teanga ann i gceist. Tá postanna i gcúrsaí dílárnaithe, i dturasóireacht, i gcúram leanaí i gceist. San iomlán creidim go bhféadfaí suas agus anuas le míle post a chruthú ach cur chuige idir na heairneála ar fad atá ag plé leis an Ghaeltacht agus ní ag an Údarás amháin. Postanna d'ardchaighdeán atá i gceist a bheadh bunaithe ar an teanga. Dá ndéanfaí é sin seachas an rud a bhí ag tárlú go dtí seo maidir le cúrsaí Gaeilge bheadh na postanna seo ag coinneáil daoine le hard-oideachas sa bhaile agus bheadh na postanna ina dtacú iad féin don Ghae ilge. Bhí gá le go leor de na postana a bhí á gcruthú chun daoine a choimead sa bhaile ach bhí siad ag imirt tionchar diúltach ar chúrsaí teanga sa Ghaeltacht.
Chonaic muid mar shampla an leas a rinne na postanna a cruthaigh TG4. Tá sé le feiceáil go soiléir chomh fada ó bhaile le Rinn Ó gCuanach, Tír Chonaill, Connemara agus Corca Dhuibhne. Chonaic muid an obair iontach agus an tionchar dearfach ar fad a bhí ar chruthú postanna—