Dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 114 den 14 Samhain. Mar a mhínigh mé sa fhreagra sin tá an scéim ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla á hullmhú faoi láthair le hintinn í a chur timpeall ar na Ranna Rialtais le haghaidh a gcuid tuairimí faoi dheireadh na míosa; tá súil agam an scéim a chur faoi bhráid an Rialtais i mí Eanáir le ceadú; bheadh an Bille le dréachtú ansin ag Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas, ach cead an Rialtais a bheith faighte, ar ndóigh; agus bheinn ag súil leis go bhfoilseofaí an Bille faoi lár na bliana 2001.
Tá sé soiléir ón méid atá ráite agam go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh maidir leis an mBille. Is mian liom a thréisiú go bhfuil na hacmhainní foirne curtha ar fáil laistigh de mo Roinnse chun an obair i dtaca le hullmhú an Bhille a dhéanamh. Maidir leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm, ach í a bheith rite, is ceist í sin ar an gcéad dul síos do na Ranna Stáit agus don earnáil Stáit i gcoitinne lena mbainfidh an reachtaíocht.