Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 21 Nov 2000

Vol. 526 No. 3

Written Answers. - Oibreacha Feabhsúcháin Scoile.

Brian O'Shea

Question:

129 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad atá ar intinn aige a dhéanamh mar gheall ar dhrochstaid fhoirgneamh scoile Mheánscoil San Nioclás, Rinn Ó gCuanach, Dún Garbhán, Contae Phort Láirge (an t-eolas leis seo), agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [26226/00]

Tá Meánscoil San Nioclás faoi bhainistíocht Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge. Tá an phleanáil ailtireachta do scoil nua a fhreastalódh ar rollachán fadtéarmach de 100 dalta, imithe ar aghaidh go dtí céim a trí den Scéim Sceitse Forbartha.

Níor lorg Coiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge deontas ó mo Roinn i leith oibreacha feabhsúcháin do Mheánscoil San Nioclás fad agus a bheifí ag súil le scoil nua. Beidh mo Roinn sásta áfach, iarratas ó Choiste Gairmoideachais Phort Láirge ar oibreacha feabhsúcháin, a thabhairt isteach san áireamh amach anseo.

Question No. 130 taken with Question No. 127.

Top
Share