Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 30 Jan 2001

Vol. 529 No. 1

Written Answers. - Oideachas Gaeltachta.

Tony Gregory

Question:

1230 D'fhiafraigh Mr. Gregory den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na héilimh a bhí ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta nuair a bhuail sé leo le déanaí agus go háirithe an bhfuil sé sásta a chinntiú go mbeidh an struchtúr nua don oideachas Gaeltachta agus do ghaelscoileanna bunaithe ar an gcúig phointe atá leagtha síos ag an eagraíocht. [1939/01]

Forálann alt 31 den Acht Oideachais, 1998 go mbunófar comhlacht daoine chun comh-ordú, tacú agus comhairle a chur ar fáil maidir le múineadh trí Ghaeilge agus múineadh na Gaeilge. Tá mo Roinn i mbun pleanála do bhunú comhlachta de réir forálacha an Achta faoi láthair.

Baineann na pointí a luann Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta leis an ionadaitheacht atá beartaithe don gcomhlacht, leis na pleananna atá beartaithe, le suíomh a cheanncheathrú agus leis na cumhachtaí a bhéas dílsithe don gcomhlacht. Féadfaidh an Teachta bheith cinnte go ndéanfar na pointí seo a mheas go cuí.

Top
Share