Tá áthas orm labhairt ar an Bhille tábhachtach seo – Bille na dTithe Gaeltachta (Leasú) 2000. Bille tráthúil é mar go dtuigimid uilig cé chomh tábhachtach is atá tithíocht sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Cé go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag dul i bhfeabhas, ceann de na deacrachtaí móra atá sa tír faoi láthair ná an tithíocht. Tá sé an-deacair ar dhaoine óga tithe a chur ar fáil dóibh féin agus is cinnte agus is amhlaidh atá sé sa Ghaeltacht.
Seo é an tríú Bille Tithíochta a tugadh isteach, chomh fada agus is eol dom, ó bunaíodh an Stát. Tugadh an chéad Bhille isteach i 1929 agus an dara ceann i 1979. Is cinnte go bhfuil feidhm agus gá leis an mBille seo mar tá athruithe móra tar éis teacht ar shaol na Gaeltachta ó ritheadh an dá Bhille eile. Ní hionann anois na coinníollacha atá ag gabháil le deontais do thithe Gaeltachta agus a bhí i bhfeidhm i 1929 nó fiú i 1979. Tá athrú mór tagtha ar shaol agus ar mhuintir na Gaeltachta agus fiú ar an dteanga féin idir an dá linn.
Nuair a tugadh isteach Billí Tithíochta ar dtús i 1929, bhí an Ghaeltacht aon-teangach agus an Ghaeilge i réim ar fud an cheantair. Tá a fhios ag achan duine anois go bhfuil athrú tagtha fiú ar an dteanga atá á labhairt sna Gaeltachtaí: tá siad uilig dátheangach. Is minic a bhíonn teaghlaigh aonaracha dátheangach sa chás gur phós duine de bhunadh na Gaeltachta duine ón taobh amuigh agus cruthaíonn sé sin an-deacrachtaí teanga.
Lena cheart a thabhairt don Aire Stáit, aithníonn sé na deacrachtaí sin, go háirithe ó thaobh na bunscolaíochta de. Aontaím go mór leis an scéim atá aige chun cúntóirí teanga a thabhairt isteach sna bunscoileanna ar fud na Gaeltachta fá choinne na deacrachtaí teanga a fhuascailt, nó ar a laghad tabhairt futhu.
Tá rudaí deimhneacha sa Bhille seo ach ní théann sé fada go leor leis na deacrachtaí teanga a réiteach nó chun staid reatha teangan na Gaeltachta a aithint. Tá a fhios agam gurb eol don Aire Stáit agus dá chuid oifigigh na deacrachtaí a chruthaítear nuair a chuireann teaghlach iarratas isteach ar theach nua sa Ghaeltacht. Muna bhfuil Gaeilge ag an mbeirt acu is minic a dhiúltaítear an deontas dóibh. Nuair a phósann cainteoir dúchais as Alba nó ón mBreatain Bheag cainteoir dúchais Gaeilge agus nuair a thagann siad chun cónaí sa tír seo, níl siad i dteideal deontas a fháil mar nach cainteoirí dúchais Gaeilge an bheirt. Má dhiúltaítear do theaghlach mar sin, caidé an meas a bheas acu ar an nGaeilge sna blianta amach romhainn?
Ceist an-deacair agus an-chasta í seo agus níl a fhios agam cá bhfuil a fuascailt. Ach ní mór don scéim deontais atá i bhfeidhm sa Ghaeltacht aitheantas a thabhairt do staid reatha na teanga ann. Tá daoine ann a déarfadh go mba chóir deontais a thabhairt do gach duine a thógann teach sa Ghaeltacht. Ní rachainn féin chomh fada leis sin. Ach níl fuascailt na ceiste le fáil sa Bhille seo.
Mar atá an scéim i láthair na huaire, tá sé ag déanamh dochar don teanga i gcásanna áirithe sa Ghaeltacht. Cad é an prionsabal a bhéas againn? An bhfuilimid chun daoine a spreagadh chun an teanga a úsáid nó an bhfuilimid chun an bata a úsáid? Ón méid atá foghlamtha againn go dtí seo faoi athbheochan na Gaeilge, is léir gur fearr i bhfad an spreagadh ná an bata.
Tá an príomhleasú sa Bhille le fáil in Alt 4 agus tá lúcháir orm go dtugann an tAire faoin gceist seo a fhuascailt. Ábhar é seo a tógadh go minic sa teach seo. Nuair atá teach úr á thógáil, go dtí seo bhí sé de cheangal ar an iarrthóir agus a bhunadh a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht. Ní léiríonn sé sin saol na Gaeltachta mar atá sé i láthair na huaire. Ach is iomaí duine atá ar aithne agam atá tar éis teacht abhaile ón iasacht, teach a thógáil anseo – agus tá an Ghaeilge chomh maith acu is a bhí riamh – agus ní éiríonn leo mar nach raibh siad ina gcónaí anseo fad a bhí an teach á thógáil. Diúltaíodh do dhaoine anuraidh ar an ábhar sin agus tá lúcháir orm go bhfuil sé sin á athrú sa Bhille. Níl a fhios agam an féidir é a chur siar tamall agus deontais a cheadú do na daoine sin a diúltaíodh le cúig nó le deich mbliana. Ní thógfainn ar na daoine sin é dá mbeidís diúltach linn – chuireamar amach as an tír iad agus nuair a d'fhill siad ní raibh muid ábalta an deontas a thabhairt dóibh ar an ábhar nach raibh siad ina gcónaí anseo fad a bhí an teach á thógáil.
Athrú eile sa Bhille ná na deontais fheabhsúcháin atá á ardú ó £2,300 go dtí £4,000.