Tá an phleanáil do scoil lán Ghaeilge nua faoi VEC Chontae Phort Láirge ag dul ar aghaidh. Mar sin féin, tá deacrachtaí leis an bpleanáil agus ní féidir liom a rá cén uair a thosóidh an tógáil.
Tá go leor deacrachtaí le céim a trí den obair – an scéim sceitse imlínithe. Chuir VEC Chontae Phort Láirge an scéim seo go dtí an Roinn i mí Lúnasa seo caite. Scrúdaigh na hoifigigh in aonad foirgníochta na Roinne an scéim agus cheap siad nach raibh sí iomlán sásúil. Fuair mo Roinn scéim nua i mí Dheireadh Fómhair ach fós ní raibh an scéim sin sásúil. Mar sin, níor ghlac mo Roinn leis an scéim nua.
Caithfidh scéim sceitse a bheith ag teacht le treoirlínte na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Tá dualgas ar VEC Chontae Phort Láirge, é seo a chinntiú. Ní féidir dul chun cinn tapaidh a dhéanamh go dtí go dtarlóidh sé sin.