I 1993 d'aontaigh an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am sin le treoirlínte a réitigh Bord na Gaeilge mar bhonn le haghaidh clár gníomhaíochta a bhí le hullmhú agus le cur i gcrích ag Ranna Rialtais agus ag eagrais Stáit chun feidhm a thabhairt do bheartas an Rialtais i leith an dátheangachais. Tá Foras na Gaeilge freagrach as feidhmiú na dTreoirlínte sin anois.
Cuimsíonn na Treoirlínte na réimsí seo a leanas: seirbhís don phobal; cleachtais foirne agus riaracháin infheictheacht na Gaeilge; an réimse oidhreachta.
Rinne Bord na Gaeilge taighde monatóireachta faoi fheidhmiú na dtreoirlínte agus tá roinnt tuarascálacha foilsithe acu ar an ábhar seo: An Dátheangachas san Earnáil Phoiblí (1996); An Ghaeilge san Earnáil Phoiblí i gCeantar na Gaillimhe (1996); An Dul Chun Cinn Dátheangach san Earnáil Phoiblí i rith 1996 (1997); agus Anailís ar Chleachtais Dhátheangacha maidir le Cultúr agus Oidhreacht a chur chun cinn in Éirinn (1997).
Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuiltear chun próiseas monatóireachta a chur ar siúl arís i mbliana agus go bhfoilseofar na torthaí i dtuarascáil ina dhiaidh sin.
Faoin mBille Comhionnanais um Theangacha Oifigiúla, a bhfuil dréachtscéim ghinearálta de curtha timpeall ar na Ranna Stáit le haghaidh a gcuid tuairimí, láidreofar na socruithe maidir le húsáid na Gaeilge sa Státchóras agus maidir leis an bhfáil ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge do na daoine a bheidh a leithéid á lorg acu. Níor chóir go mbeadh aon imní faoi fhorálacha an Bhille ar eagrais stáit a chuir na treoirlínte i bhfeidhm.