Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Feb 2001

Vol. 531 No. 1

Written Answers. - Foclóirí Gaeilge agus Béarla.

Proinsias De Rossa

Question:

22 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an raibh cainteanna aici le Foras na Gaeilge mar gheall ar fhoclóir Gaeilge-Béarla agus mar gheall ar fhoclóir Béarla-Gaeilge a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4989/01]

D'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, ag cruinniú i dtaca leis an bhForas Teanga i mBaile Átha Cliath ar 5 Nollaig 2000, leis na moltaí a chuir Foras na Gaeilge faoina bráid maidir le foclóir Béarla-Gaeilge a chur ar fáil. Is foclóir nua-aoiseach, údarásach ar ardchaighdeán de thart ar 50,000 ceannfhocal agus 250,000 abairtí samplacha i bhfoirm chlóite agus i bhfoirm leic treonach atá i gceist a chur ar fáil i gcomhpháirt le comhlachtaí eile. Meastar go gcosnóidh an tionscnamh, a thógfaidh tréimhse cúig bhliain nó mar sin, thart ar £3.1 milliúin i bpraghasanna an lae inniu. Beartaíodh ar thionscadal an fhoclóra Béarla-Gaeilge toisc go bhfuil glactha leis go forleathan gurb é sin an riachtanas foclóireachta Gaeilge is práiní atá ann.

Maidir le foclóir Gaeilge-Béarla, tuigtear dom ón bhforas go gcuirfear tús le foclóir nua den chineál sin a luaithe a bheidh an foclóir BéarlaGaeilge curtha i gcrích. Ar ndóigh tá gá le cineálacha éagsúla foclóirí Gaeilge a chur ar fáil le freastal ar riachtanais iomadúla an phobail. Beidh Foras na Gaeilge ag tabhairt aghaidh ar an riachtanas sin in am agus i dtráth de réir mar a bheidh acmhainní aige chuige.

Question No. 23 answered with Question No. 15.

Top
Share