Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Feb 2001

Vol. 531 No. 1

Written Answers. - Stádas na Gaeilge.

Eamon Gilmore

Question:

25 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil taighde ar bith á chur ar bun aici i dtaobh stádas na Gaeilge sa ghalltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4988/01]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist 111 den 14 Samhain 2000. Faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999, tá cúram taighde leagtha ar Fhoras na Gaeilge den Fhoras Teanga – go háirithe taighde sa réimse oideachais. Chomh maith leis sin, déanann an foras clár taighde a choimisiúniú mar chabhair chun polasaithe a bheachtú i roinnt mór-réimsí ó Thuaidh agus ó Dheas.

Tuigtear dom go ndearna Foras na Gaeilge pobalbhreith an mhí seo caite ar bhonn uile-oileánda inar cuireadh ceisteanna faoi raon ábhar, ina measc: cúrsaí féiniúlachta agus dearcadh daoine i leith na Gaeilge; cumas agus úsáid na Gaeilge; agus dearcadh i leith polasaithe áirithe Gaeilge. Tabharfaidh na torthaí bonn comparáide le suirbhéanna eile a rinneadh ó dheas agus leagfar síos pointe tagartha maidir leis an nGaeilge ó thuaidh. Tá anailís á déanamh faoi láthair ar thátail an tsuirbhé agus táthar ag súil go mbeidh tuairisc réitithe do bhord an fhorais faoi cheann míosa.

Top
Share