Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Feb 2001

Vol. 531 No. 1

Written Answers. - Eastát Tionscail.

Michael D. Higgins

Question:

38 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an raibh cainteanna aici le hÚdarás na Gaeltachta mar gheall ar eastát tionscail do pharóiste Mhaigh Cuilinn, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4987/01]

Bhí comhráití ag an iar-Aire Stáit, Éamon Ó Cuív, TD i dtaca leis an ábhar seo le hÚdarás na Gaeltachta cheana. Tuigim ón údarás anois go bhfuil iarrachtaí ar siúl ag an eagraíocht le roinnt blianta anuas chun talamh a cheannach sa cheantar chun páirc ghnó a fhorbairt agus, cé go raibh idirbheartaíocht le húinéirí éagsúla talún maidir le suímh éagsúla, nár éirigh leis na cainteanna sin; go bhfuil sé deacair teacht ar shuíomh feiliúnach ar phraghas réasúnta sa chuid sin de pharóiste Mhaigh Cuilinn atá sa Ghaeltacht, mar gheall ar an bhfás atá tagtha ar an sráidbhaile agus ar an gceantar maguaird; go bhfuil soláthar airgid curtha i gclár caipitil 2001 an údaráis don chuspóir sin más féidir teacht ar shocrú réasúnach le húinéirí talún sa cheantar; agus go bhfuil an t-údarás i gcomhairle le coiste pobail Mhaigh Cuilinn agus le eagraíocht phobail eile sa cheantar i dtaca le suímh áirithe.

Question No. 39 answered with Questions Nos. 27 and 51.

Top
Share