Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Mar 2001

Vol. 532 No. 3

Written Answers. - Aighneas an ASTI.

Trevor Sargent

Question:

153 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dul chun cinn atá déanta chun réiteach a fháil ar aighneas an ASTI. [7284/01]

Ag deireadh Mí Eanáir, iarradh ar an gCúirt Oibreachais, ar bhonn ad hoc, éisteacht a thabhairt do na hábhair cúise a bhaineann le haighneas an ASTI. Tionóladh cruinniú foirmiúil sa chúirt ar an 9 Feabhra agus cuireadh tuairimí ASTI agus na Ranna Oideachais agus Eolaíochta agus Airgeadais faoi bhráid na cúirte i scríbhinn agus ó bhéal. Tá an chúirt fós ag déanamh scrúdú ar ábhair cúise an aighnis agus tá curtha in iúl don ASTI go mbeidh toradh a cuid scrúduithe ar fáil faoin 10 Márta. Measaim gur ceart fanacht go mbeidh toradh ar obair na cúirte agus plé iomlán a dhéanamh ar a cuid moltaí nuair a cuirtear ar fáil iad.

Top
Share