Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Apr 2001

Vol. 533 No. 6

Written Answers. - Regional Airports.

Dinny McGinley

Question:

352 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le haerstráice a chur ar fáil ar Oileán Thoraigh i nDún na nGall. [10050/01]

Mar is eol don Teachta, tá Údarás na Gaeltachta faoi láthair i mbun oibre ar dhearadh agus pleanáil aerstráice d'Oileán Thoraí. Tuigim ón Údaras go bhfuil i gceist acu iarratas ar Chead Pleanála don aerstráice a dhéanamh ach Ráiteas Thionchar Timpeallachta (E.I.S.) a bheith curtha i gcríoch acu roimhré. Tuigim ón Údarás chomh maith go bhfuil comhairleoirí i mbun an staidéar sin faoi láthair agus go bhfuil súil acu go mbeidh an obair ar an Ráiteas sin críochnaithe i gceann roinnt seachtaine. Nuair a bheidh an staidéar seo críochnaithe tá i gceist ag an Údarás iarratas ar Chead Pleanála i leith an aerstráice a dhéanamh chuig Chomhairle Chontae Dhún na nGall.

Mar is eol don Teachta chomh maith, agus neamhspleách ón obair sin, d'fhógair mé le déanaí go bhfuil na comhairleoirí Air Transport Group, Cranfield University ceapaithe agam le haghaidh staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar cheist na n-aerstráicí oileánda ionas go gcuirfí mo Roinn ar an eolas faoin mbealach ab fhearr le tabhairt faoin obair chun seirbhísí aeir a sholáthar go dtí oileáin áirithe amach ón gcósta. Is iad na hoileáin atá i gceist sa staidéar ná Inis Mór, Inis Meáin, Inis Oírr agus Inis Bó Finne, Co na Gaillimhe, Inis Toirc agus Oileán Chliara, Co Mhaigh Eo agus Oileán Thoraí, Co Dhún na nGall.

Tá an staidéar sin tosnaithe anois agus tá mé dóchasach go mbeadh torthaí an staidéir ar fáil roimh dheireadh mí Iúil na bliana seo.

Top
Share