Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Apr 2001

Vol. 533 No. 6

Written Answers. - Tionscail Tógala Scoileanna.

Dinny McGinley

Question:

466 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil cinneadh déanta ina Roinn halla spóirt a chur an fáil i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall agus cén stáid ag a bhfuil an cás faoi láthair. [10047/01]

Fuair mo Roinnse aighneacht Staid 1, i.e. tuarascáil láithreáin tuarascáil chostais tosaigh agus torthaí na gceisteanna tosaigh a cuireadh ar an údarás pleanála áitiúil, maidir leis an halla spóirt molta ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá an aighneacht seo á scrúdú I láthair na huaire ag an bhfoireann in aonad tógála mo Roinne agus eiseafar freagra ar an aighneacht sin go luath.

Top
Share