Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Apr 2001

Vol. 534 No. 3

Written Answers. - Ceapacháin na Rionne.

Dinny McGinley

Question:

248 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an soláthróidh sí liosta de na comhairleoirí ar fad, idir chomhlachtaí agus dhaoine aonaracha, atá fostaithe ag a Roinn ón dáta ar ceapadh í mar Aire go dtí 2 Aibreán 2001 agus an t-eolas seo a shonrú maidir le gach comhairleoir: an tseirbhís a bhí i gceist; an áit inar fógraíodh an conradh, nó an chúis nár fógraíodh é; an táille iomlán nó an ráta lae is iníoctha agus an tréimhse ama don chomhairleoireacht. [10424/01]

Tá an t-eolas a d'iarr an Teachta maidir le comhairleoirí atá fostaithe ag mo Roinn agus ag na Forais Chultúir Náisiúnta faoi rialú díreach mo Roinne ó Mheitheamh 1997 leagtha amach sa tábla thíos. Ar chúiseanna íogaireachta tráchtála agus rúndachta níl rátaí leathúla ann i dtaca le comhaontuithe comhairleoireachta ar leithligh.

A mhéid a bhaineann le fógraíocht a dhéanamh le haghaidh tairiscintí, comhlíonann mo Roinn Tairseacha Fógraíochta an AE agus, faoi bhun na dtairseach sin, oibríonn sí polasaí ginearálta tairisceana comórtasaí. I gcásanna inar gá oilteacht nó scileanna ar leith déantar próiseas tairisceana roghnaí a oibriú seachas fógraíocht a dhéanamh le haghaidh tairiscintí. Tá sonraí faoi thionscadail ar leithligh san áireamh sa Tábla leanaigh:

Comhleoireacht

Seirbhís

Fógraíocht

Táille iomlán

Tréimhse

Indecon (economic consultants)/Coopers& Lybrand Management Consultants

Athbhreithniú ar an bPlean Ealaíon

Tairiscint roghnach

£136,415

Bealtaine-Meán Fómhair 1998

Cap Gemini/Ernst & Young

Scrúdú ar Phlean Forbartha Trí Bliana TG4 2000-2002

Tairiscint roghnach

£20,527

4 sheachtain

Price Waterhouse Coopers

Anailís neamhspleách oibiachtúil a dhéanamh ar iarratas RTE ar mhéadú £50 ar an táille do cheadúnas teilifíse

Tairiscint roghnach

£78,499

3 sheachtain

AIB Corporate Finance, NERA (Economic consultants), The Smyth Group (later replaced by Curtis & Cartwright), and Matheson Ormsby Prentice

Comhairle agus cúnamh a thabhairt don Aire maidir le teilifís dhomhanbhunaithe dhigiteach a thabhairt isteach in Éirinn

Fógraíodh sna Nuachtáin Náisiúnta agus in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach

£1.679m and VAT and costaisí nach dtéann thar £127,500

Feabhar 1999Ag leanúint ar aghaidh

Mr. Phil Flynn

Fostaíodh mar éascaitheoir i Márta 2000 chun comhthuiscint a chur chun cinn ar shaincheisteanna áirithe i measc RTE, Grúpa Ceardchumann RTE agus Líonra Fostaithe RTE ar dóigh dóibh aistriú chuig an eintiteas nua do Theilifís Dhomhanbhunaithe Dhigiteach agus chun éascaíocht a dhéanamh i dtaca le heolas a thabhairt don Aire maidir le seasamh na bpáirtithe sin

Tairiscint aonair ag féachaint do chineál an-sonrach na hoibre

£6,800 and VAT

Márta-Meitheamh 2000

IMI

Éascaíocht, ionchur bainistíochta straitéisí agus bainistíocht ghinearálta ar obair Ghrúpa Athbhreithnithe Straitéisigh an Tionscail Scannánaíochta

Tugadh cuireadh do roinnt comhairleoirí bainistíochta iomráiteacha tairiscint a dhéanamh le haghaidh na seirbhíse

£136,415

Meitheamh 1998-Lúnasa 1999

Indecon Economic Consultants

Staidéar ar Scéim Cánach Alt 481 do Ghrúpa Athbhreithnithe Straitéisigh an Tionscail Scannánaíochta

Ní dhearnadh fógraíocht. Ba é a bhí sa staidéar go príomha ná fadú ar Thuarascáil Indecon 1995 ar an tionscal scannánaíochta

£39,739

3 mhí

Deloitte & Touche

Bainisteoir Tionscadail/Éascaitheoir don Fhóram Clos-Chraolacháin Dhigitigh

Tairiscint roghnach

£24,985 plus VAT agus costaisí

6 mhí

Olsberg

Staidéar ar chostais léiriúcháin in Éirinn i gcás Ghrúpa Athbhreithnithe Straitéisigh an Tionscail Scannánaíochta

Ní dhearnadh fógraíocht – bhí luach an chonatha faoi bhun na teorann a bhaineann le tairiscintí

£4,215

Déanta i dteannta leis an Tuarascáil ar an nGrúpa Athbreithnithe-Straitéisigh an Tionscail Scannánaíochta

Comhleoireacht

Seirbhís

Fógraíocht

Táille iomlán

Tréimhse

Olsberg

Athbhreithniú ar Bhord Scannán na hÉireann

Tugadh cuireadh do roinnt gnólachtaí bainistíochta tairiscint a dhéanamh

£46,000

4 sheachtain

Tourism Development International

Taighde Margaidh thar ceann na bhForas Cultúir Náisiúnta

Ba iad téarmaí tagartha sonracha an staidéir ná líon na gcuairteoirí a thomhas, próifíl na gcuairteoirí a aimsiú agus tuairimí na gcuairteoirí faoi na Forais Chultúir a mheasúnú. Níor fógraíodh an conradh sna meáin ach thug an Roinn cuireadh d'ocht gcuideachta tairiscint a dhéanamh le haghaidh an chonartha

£65,000

Lúnasa 1999 go Feabhra 2000

Guildhall School of Music and Drama

Staidéar ar scóip agus ábhar an Acadaimh Ealaíon Taibhiúcháin atá beartaithe

Tugadh faoin staidéar chun scrúdú a dhéanamh ar raon agus ábhar an Acadaimh Taibhiúcháin atá beartaithe in Éirinn. Níor fógraíodh an conradh mar go raibh an staidéar agus an obair a bhíó le déanamh thar a bheith sainiúil agus go raibh gá le hoilreacht fhoireann an Guildhall School of Music and Drama ar ceann de na heagraíochtaí is tábhachtaí sa réimse seo é

STG£14,000

Bealtaine-Meitheamh 1999

I.T. Consultancy

Comhairleoireacht bogearraí ríomhaire ag an gCartlann Náisiúnta

Iarradh tairiscintí ar bhonn teoranta. Measadh nár ghá fógraíocht a dhéanamh sa chás seo. Ní dheachaigh an costas bliantúil thar £40,000

Iomlán go 2/4/01 £108,480

Leanúnach ach scrúdófar é arís sa bhliain 2001.

Kavanagh Mansfield and Partners

Ullmhú líníochtaí urláir don Chartlann Náisiúnta

Ceapadh ar mholadh ó Oifig na nOibreacha Poiblí

£7,260

Luach socraithe

Tramtrax Ltd.

Suirbhé ar shuiteáil seirbhísí leictreachais don Chartlann Náisiúnta

Ceapadh ar mholadh ó Oifig na nOibreacha Poiblí

£9,499

Luach socraithe

Paul Allen & Associates

Seirbhísí Caidreamh Poiblí a sholáthar d'Ard-Mhúsaem na hÉireann

Iarradh tairiscintí ar bhonn teoranta a bhí bunaithe ar chineál na hoibre a bhí i gceist

£1,472

Márta go Meitheamh 1997

Edelman PR

Seirbhísí Caidreamh Poiblí a sholáthar d'Ard-Mhúsaem na hÉireann

Iarradh tairiscintí ar bhonn teoranta a bhí bunaithe ar chineál na hoibre a bhí i gceist

£25,410

1998/1999

Comhleoireacht

Seirbhís

Fógraíocht

Táille iomlán

Tréimhse

Bill O'Herlihy Communications

Seirbhísí Caidreamh Poiblí a sholáthar d'Ard-Mhúsaem na hÉireann

Iarradh tairiscintí ar bhonn teoranta a bhí bunaithe ar chineál na hoibre a bhí i gceist

£17,672

1999/2000

Arcline

Plean Straitéiseach a ullmhú do Ard-Mhúsaem na hÉireann

Iarradh tairiscintí ar bhonn teoranta a bhí bunaithe ar chineál na hoibre a bhí i gceist

£10,890

10/7/00-29/9/00

Ernst & Young

Córais Eolais a ullmhú d'Ard-Mhúsaem na hÉireann

Iarradh tairiscintí ar bhonn teoranta a bhí bunaithe ar chineál na hoibre a bhí i gceist

£53,199

12/98-3/99

Brian Galvin

Plean Straitéiseach a ullmhú do Leabharlann Ard-Mhúsaem na hÉireann

Iarradh tairiscintí ar bhonn teoranta a bhí bunaithe ar chineál na hoibre a bhí i gceist

£7,895

25/6/00-31/03/01

Newmarket Partnership

Tabhairt Isteach agus Cur i bhFeidhm Córais Bainistíochta Airgeadais d'Ard-Mhúsaem na hÉireann

Ní raibh tairiscintí ann, mar go raibh comhairle faighte ag an Ard-Mhúsaem ó Newmarket roimhe sin maidir lena chuntais agus go raibh eolas acu, dá bhrí sin, ar na cuntais sin.

£41,140£34,108 íochta go dáta

6/99-30/06/01

Ms. Breda O'Hanlon

Caidreamh leis na meáin do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Níor lorgaíodh tairiscintí don chonradh seo. Mar gheall ar chineál agus ar scála an tionscadail measadh ina leith nach mbeadh sé oiriúnach ná costéifeachtach déanamh amhlaidh

Ráta don chonradh ná £1,000 in aghaidh na míosa agus V.A.T.

An chéad chonradh. 8/06/99 to 7/12/99. Rinneadh athnuachán bliantúil ar an gconradh ó shin

Price Waterhouse Consultants

Scrúdú ar an togra chun leas a bhaint as teicneolaíocht eolais ag láithreáin oidhreachta faoi bhainistiú ag Dúchas

Tairiscint roghnach

£13,000

Meán Fómhair-Samhain 1997

Hare Carding Bolger Management Consultants

Straitéis Mhargaíochta a fhorbairt do Dhúchas

Tairiscint roghnach

£60,000

Márta 1998-Bealtaine 1998

East West Tourism Consultancy Ltd.

Comhairle a thabhairt maidir le héifeachtaí líonta móra cuairteoirí i bPáirceanna Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin agus i Séadchomhartha Ghleann Dá Loch

Tairiscint roghnach

£48,940

Meitheamh 1998-Nollaig 1998

Hayley Sharpe Consultants

Plean comharthaíochta comhtháite do Pháirceanna Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin agus Séadchomhartha Ghleann Dá Loch

Fógraíodh sna nuachtáin náisiúnta agus na nuachtáin réigiúnda i gCo Cill Mhantáin.

£25,058

Bealtaine 1999-Nollaig 1999

Comhleoireacht

Seirbhís

Fógraíocht

Táille iomlán

Tréimhse

Ann Scroope Design Ltd.

Painéil A.V. a dhearadh agus a shuiteáil dWP extended char 4,28Ionad Cuairteora Loch Oighinn, an Sciobairín, Co. Chorcaí

Tairiscint roghnach

£69,100

Feabhra 1999-Nollaig 2000

Brolyn Consultants Ltd.

Straitéis mhargaíochta a fhorbairt do Sciathán Paráide Chaisleán Chill Chainnigh

Tairiscint roghnach

£54,400

Iúil 1999-Iúil 2000.

Banahan McManus

Uirlisí margaíochta a dhearadh agus a ullmhú i.e. bróisiúr agus féiniúlacht chorparáideach

Fo-chonraithe ag Brolyn Consultants

£49,700

Níor sonraíodh am faoi leith

Coopers & Lybrand Management Consultants

Athbhreithniú ar Struchtúr Bainistíochta Dhúchas

Tairiscint roghnach

£92,500

Deireadh Fómhar 1997-Deireadh Fómhar 1998.

Paul Francis Design and Illustration

Painéil bhreise A.V. a sholáthar d'Ionad Cuairteora Loch Oighinn

Iarradh tairiscintí ar bhonn teoranta a bhí bunaithe ar chineál na hoibre a bhí i gceist

£4,400

Iúil 2000-Meán Fómhair 2000

CHL Consulting

Staidéar ar na féidearthachtaí maidir le Turasóireacht Oidhreachta sa Chreagán, Co. na Gaillimhe

Tairiscint roghnach

£10,467

Lúnasa 1998-Feabhra 1999.

CHL Consulting

Staidéar ar Ghiniúint Ioncaim ag láithreáin oidhreachta Dhúchas agus ag Forais Chultúir

Tairiscint roghnach

£18,392

3 mhí

DSL Management Consultant

Comhairleoireacht ar shuiteáil Córais Bainistíochta Taifead chun riachtanais na Reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise a chomhlíonadh

Tairiscint roghnach

£28,500

Bealtaine 1998-Lúnasa 1998

Indecon Economic Consultants

Athbhreithniú ar chaiteachas Údarás na Gaeltachta

Tairiscint roghnach

£87,794

9 mhí

Meas Media

Obair i dtaca le téarmaí tagartha Choimisiún na Gaeltachta e.g. cruinnithe poiblí, láithreán idirlín a fhorbairt, scaipeadh bileog etc.

Fógraí Poiblí (Nuachtáin, Raidió agus rl)

£26,400

4 mhí

An tOllamh Mícheál Ó Cinnéide, M.A., Ph.D

Eolas a fháil agus scrúdú a dhéanamh ar éifeacht na bpolasaithe agus na scéimeanna atá á leanúint ag na háisínteachtaí éagsúla Stáit atá ag plé go díreach le bunú Gaeilge sa Ghaeltacht.

Fógra Poiblí (Nuachtáin, Raidió agus rl)

£54,476

6 mhí

Comhleoireacht

Seirbhís

Fógraíocht

Táille iomlán

Tréimhse

An tOllamh Mícheál Ó Cinnéide, M.A., Ph.D

Eolas a fháil maidir le polasaithe agus gníomhaíochtaí atá ag Institiúidí, comhlachtaí agus dreamanna eile agus a dtionchar ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a mheas.

Fógra Poiblí (Nuachtáin, Raidió agus rl)

£52,368

6 mhí

Niall Ó Murchadha

A mhéid agus atá an Ghaeilge in úsáid mar theanga labhartha sna limistéir Ghaeltacht éagsúla a shuíomh agus anailís a dhéanamh ar an eolas sin.

Fógra Poiblí (Nuachtáin, Raidió agus rl)

£14,500

3 mhí

Ciarán Lynch

Scrúdú a dhéanamh maidir leis an gcaoi a dtabharfar feidhm dWP extended char 4,28fhorálacha an Acht Um Phleanáil agus Forbairt 2000 i dtaca le caomhnú teanga agus chultúr na Gaeltachta agus moltaí a dhéanamh do Choimisiún na Gaeltachta.

Tairiscint iarrtha don institiúd toisc an taithí a bhí acu ar an gceist.

£3,000

3 mhí

P Ó Neachtain

Ceardlann a eagrú le haghaidh páistí meánscoile maidir le téarmaí tagartha Choimisiún na Gaeltachta

Tairiscint iarrtha ar bhonn práinne

£500

Timpeall seachtain.

Patrick J. Tobin & Co. Consulting Engineers

Scrúdú agus moltaí a dhéanamh maidir leis an gcás i leith seirbhís chábla-chairr idir Inis Bigil agus an tír mór ag Bullsmouth, Acaill

Tugadh cuireadh do 19 gcuideachta tairiscint a dhéanamh faoin bPróiseas Tairisceana Srianta

£19,536

4 sheachtain

Peter Coyne & Co. Accountants

Comhairle Airgeadais maidir leis an ngnólacht a bhí a sholáthraíonn seirbhísí farantóireachta i gCo. Na Gaillimhe

Ní dhearnadh fógraíocht mar go raibh an costas faoi bhun na tairsí iomchuí agus go raibh an chomhairleoireacht ag teastáil go práinneach

£4,290

Anois agus arís ó 1/6/00 gto 12/12/00

D. Ball & P. Johnston (Dublin)

Comhairle faoi ghnéithe hidreolaíochta de Sheachbhóthar Chill Dara agus faoina éifeacht ar Eanach Pollardstown

Níor fógraíodh - obair shainiúil

£28,400

Leanúnach

Goodbody Economic Consultants

Athbhreithniú ar Chaiteachas ar Chanálacha

Níor fógraíodh - obair shainiúil

£11,600

6 mhí

Tourism Development International

Straitéis a fhorbairt agus a mhargú don Chanáil Mhór agus d'Uiscebhealach na Bearú

Níor fógraíodh - obair shainiúil

£30,000

6 mhí

Design Works

Féiniúlacht Chorparáideach a dhearadh don Roinn

Níor fógraíodh - obair shainiúil

£13,000

Nollaig 1998-Bealtaine 1999.

Comhleoireacht

Seirbhís

Fógraíocht

Táille iomlán

Tréimhse

Central Fisheries Board

Tionscadal Taighde maidir le teideal talún agus móinchearta i dtuairim is 30 portach ardaithe

Níor fógraíodh - obair shainiúil

Costas meastaithe ag £10,000 ar a mhéid in aghaidh na portaigh

Meitheamh 1999 go deireadh 2002

GCI Ltd.

Staidéar ar thairbhí eacnamaíochta na hinfheistíochta oidhreachta

Níor fógraíodh - obair shainiúil

£56,000

6 months

Dialogue Systems

Forbairt agus cur i bhfeidhm stór eolais don Roinn.

Tairiscint roghnach

£26,303

Samhain 1999-Nollaig 2000

KPMG

Anailís Traenála don Roinn

Tairiscint roghnach

£38,100

Meán Fómhair 1997-Nollaig 1997

RPS Cairns Consultants

Éici-iniúchadh ar an gCanáil Ríoga

Tairiscint roghnach

£16,500 agus VAT

Márta 2000-Deireadh Fómhair 2000

RBK Cleary and Associates

Staidéar ar thionchar an laghdaithe sa ráta imeallach faoisimh cánach ó 44% go 42% ar luach bheart Alt 481

Níor fógraíodh mar go raibh an costas faoi bhun na tairsí iomchuí

£4,800

4 sheachtain

Brady, Shipman, Martin, Architects

Cath na Bóinne, staidéar taithí agus pleanála

Níor fógraíodh (taithí shainiúil acu roimhe sin)

£32,500

Márta 2000 go dáta

Indecon Economic Consultants

Measúnú ar an Scéim Rochtana

Roghnaíodh ó thairiscintí. Fuarthas ceadú ó Choiste Conarthaí an Rialtais

£85,000 agus VAT

4 mhí

Air Transport Group

Chun staidéar a dhéanamh ar fhorbairt bheartaithe agus ar bhainistiú ó lá go lá i dtaca le haerstráicí agus aersheirbhísí gaolmhara ar roinnt oileán amach ón gcósta

Fógraíodh sna meáin náisiúnta agus san iris Flight International. Ina theannta sin, i gcás cuideachtaí a measadh ina leith go raibh taithí iomchuí acu, tugadh cuireadh dóibh tairiscint a dhéanamh

£54,390

4 mhí ón 20/3/01

Mr. Noel Casey

Comhairle a thabhairt maidir leis an luach ar airgead a bhí á fháil i dtaca le caiteachas a bhí á thabhú ar fheabhsú Bóithre Straitéiseacha Gaeltachta

Níor fógraíodh mar go raibh an costas faoi bhun na tairsí iomchuí

£1,593 (1999)£2,216 (2000)

Thosaigh sé i 1999.5-10 lá in aghaidh na bliana d'fhad an NDP

Mr. Andy O'Connell

Comhairle a thabhairt maidir leis an luach ar airgead a bhí á fháil i dtaca le caiteachas a bhí á thabhú ar fheabhsú Bóithre Straitéiseacha Gaeltachta

Níor fógraíodh mar go raibh an costas faoi bhun na tairsí iomchuí

£2,210 (1999)£4,112 (2000)

Thosaigh sé i 1999.5-10 lá in aghaidh na bliana d'fhad an NDP

Mr. Séamus Malone

Comhairle a thabhairt maidir leis an luach ar airgead a bhí á fháil i dtaca le caiteachas a bhí á thabhú ar fheabhsú Bóithre Straitéiseacha Gaeltachta. Go hidirthréimhseach ó Mheán Fómhair 1999 go dáta

Níor fógraíodh mar go raibh an costas faoi bhun na tairsí iomchuí

£2,163 (2000)

Thosaigh sé i 2000.5-10 lá in aghaidh na bliana d'fhad an NDP

Comhleoireacht

Seirbhís

Fógraíocht

Táille iomlán

Tréimhse

Judith Carroll Archaeological Consultancy

Treoirlínte ar Sheandálaíocht agus ar Mheasúnachtaí Tionchair Timpeallachta

Tairiscint roghnach

£4,138

Coimisiúnta 22/12/98 Íocaíocht dheireanach 19/5/99

Noel Lynch

Anailís ar aighneachtaí a fuarthas maidir leis an bPlean Náisiúnta Oidhreachta

Níor fógraíodh mar go raibh an costas faoi bhun na tairsí iomchuí

£2,250

Coimisiúnta 23/12/98 – íocaíocht dheireanach 16/5/99

Fitzpatrick Associates

Staidéar ar thairbhí eacnamaíochta na hinfheistíochta oidhreachta

Níor fógraíodh mar go raibh an costas faoi bhun na tairsí iomchuí

£5,000

8/6/99-10/1/2000

Farrell-Grant Sparks

Athbhreithniú ar Mharcaíocht Capall ar chosáin tarraingthe

Tairiscint roghnach

£19,115

28/2/00-9/11/00

Emer Rogan., U.C.C.

Staidéar féidearthachta ar fhaireachán cetacean de réir gabhála

Tairiscint roghnach

£2,000

Ongoing since 11/11/00Fixed price

Margaret Gowen & Co. Ltd.

Athbhreithniú ar thionchar ionchasach foraoisiú ag an earnáil phoiblí agus ag an earnáil phríobháideach ar shéadchomharthaí seandálaíochta nach bhfuil sainaitheanta fósAthbhreithniú ar thionchar foraoisiú le cúnamh deontais ar sheandálaíocht sho-aitheanta

Tairiscint roghnach

£53,657

11/10/00-29/11/00

Fred Hammond

Oidhreacht Tionscail na hÉireann a thaifeadadh, a chaomhnú & a chothú

Tairiscint roghnach

£4,665 stg

Lúnasa 1998-Lúnasa 1999

Susannah Kelly

Staidéar ar Chaomhnú Déantán, Saoráidí agus Acmhainní Seandálaíochta

Tairiscint roghnach

£7,500

9/3/98-10/7/98

Heritage Planning and Design Services

Lorgaíodh an tairiscint seo mar chuid den Thionscnamh Rainbow de chuid an Aontas Eorpach maidir le turasóireacht i gceantair iargúlta

Tairiscint roghnach

£80,000

Meitheamh 2000-Meán Fómhair 2001

Coopers Lybrand Management Consultants

Plean Teicneolaíochta Eolais a fhorbairt

Tairiscint roghnach

£111,000

Iúil 1998-Feabhra 1999.

IMI

Ceardlann a eagrú d'fhoireann sinsireach na Roinne maidir leis an gCóras Bainistíochta Feidhmíochta agus Forbartha

Níor fógraíodh é toisc gur saineolaithe i dtraenáil bainistíochta iad an IMI

£8,000

Nollaig 2000

Goldsmith Fitzgerald Partnership

Oiliúint d'fhoireann na Roinne maidir leis an gCóras Bainistíochta Feidhmíochta agus Forbartha

Fógraíodh in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach, sna nuachtáin laethúla náisiúnta agus in “Foinse”

Ráta laethúil

Leanúnach

Comhleoireacht

Seirbhís

Fógraíocht

Táille iomlán

Tréimhse

*Research and Evaluation Services

Anailís a dhéanamh ar ghníomhú Iomairt Cholm Cille

Tairiscint iarrtha ón gcomhlacht toisc go raibh taithí fada ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ar gníomhaíochtaí an chomhlachta

STG £5,464

9 mhí

*Ba chomhfhiontar idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (Tuaisceart Éireann). Rinne an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta an togra a bhainistiú.
Ní áirítear san eolas seo sonraí faoi dhaoine aonair nó faoi chomhairleoirí a fhostaítear ó am go ham chun seirbhísí gairmiúla a thabhairt i ndáil le tionscadail oibríochta. Ná ní áirítear san eolas a thugtar sonraí faoi chomhairleoirí a d'fhostaigh gníomhaireachtaí eile, ar nós údarás áitiúil, dá soláthraíonn mo Roinn maoiniú.
Ach, i gcás spéis a bheith ag an Teachta i dtionscadal nó i gcomhairleoir áirithe nach bhfuil san áireamh sa tábla atá i gceangal leis seo is féidir an t-eolas iomchuí a thabhairt.
Top
Share