Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Apr 2001

Vol. 534 No. 4

Priority Questions. - Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht.

Dinny McGinley

Question:

28 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an soláthar airgid atá á chur ar fáil ag a Roinn i mbliana le haghaidh (i) bóithre áise Gaeltachta agus (ii) bóithre straitéiseacha Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10766/01]

As an soláthar de £9.8 milliúin atá ar fáil imbliana faoi scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht fó-mhír E de Vóta mo Roinne – tá socraithe go gcuirfear suim £5.3 milliúin ar fáil le bóithre stráitéiseacha sa Ghaeltacht a fheabhsú, agus suim £1.5 milliúin faoi scéim na mbóithre áise chun bóithre áise agus bóithre portaigh a fheabhsú agus le tograí athnuachan baile a chur i gcrích.

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an eolais sin. Ní bhfuair mé tús an fhreagra. Cé mhéid atá i gceist?

Tá £5.3m le bóithre straitéiseacha agus £1.5m le haghaidh bóithre áise agus bóithre portaigh

Chomh fada agus is eol dom tá an fógra déanta chomh fada agus a bhaineann sé le Dún na nGall fá choinne na mbóithre áise. Sílim go bhfuil £350,000 atá i gceist. An féidir leis an Aire a rá an mbeidh aon airgead sa bhreis á chur ar fáil idir seo agus deireadh na bliana. An bhfuil sé fógraithe maidir leis na ceantair eile Ghaeltachta?

Maidir leis na bóithre straitéiseacha sílim gur scéim an-mhaith é sin. Cén uair a bheidh an tAire ag fógairt liúntais do na bóithre straitéiseacha atá chomh riachtanach sin d'fhorbairt na Gaeltachta? Tá sé seo ar siúl le bliain nó dhó; tá obair mhór déanta ag an airgead sin le bliain nó dhó in ár gcontae féin in a bhfuil oifig an Aire Stáit. Tá súil agam go leanfaidh sí ar aghaidh leis sna blianta amach romhainn mar a bhí fógraithe ag an Aire Stáit Ó Cuív a chuaigh roimpi.

An bhféadfadh an tAire Stáit a rá cad iad na bóithre in ár gcontae féin a bheidh ag fáil an airgid seo?

Níl a fhios agam go fóill an mbeidh airgead breise ar fáil do na bóithre áise ach má tá bheinn ag súil le rud éigin a dhéanamh i mo cheantar féin. É sin ráite, tá na bóithre áise ceadaithe do Dhún na nGall, Ciarraí, Corcaigh agus tá mé anois ag fanacht ar na moltaí ón stiúrthóir mar gheall ar Ghaillimh. Sílim go mbeidh na moltaí maidir le Maigheo agam i gcionn lae.

Maidir leis na bóithre straitéiseacha, beidh mé ábalta na moltaí a chur os comhair gach duine agus os comhair an chomhairle chontae maidir leis na bóithre straitéiseacha i nDún na nGall i gcionn coicíse. Maidir leis na bóithre atá luaite agam sílim nach bhfuil sé féaráilte iad a lua mar nach bhfuil na moltaí agam go fóill.

An bhféadfadh an tAire a rá go bhfuil na rialacha céanna ag baint leis na bóithre áise imbliana is a bhí gach bliain eile. Sé sin go bhfuil siad ar an dul céanna le bóithre na comhairle chontae, an scéim LIS. An gcaithfidh níos mó ná teach amháin a bheith ar bhóthar nó an gcaithfidh cúpla feirm a bheith ann sula mbíonn sé ioncháilithe chun deontas a fháil?

An riail a bhaineann leis an scéim ná níos mó ná teach amháin ach tá an Roinn solúbtha go leor. Má bhíonn cás speisialta ann bímid ábalta athrú a dhéanamh ar an scéim. Sé sin, mar shampla, má bhíonn litir ó dhochtúir nó ó ospidéal maidir le, b'fhéidir, sean duine nach bhfuil in ann siúl nó rud éigin mar sin. Ach de ghnáth tá tú ag caint faoi theach amháin.

Ceist bheag eile más féidir liom. Cé mhéid iarratas a bhí istigh imbliana do Scéim na mBóithre Áise ós na Gaeltachtaí ar fad agus ó Ghaeltacht Thír Chonailll; agus cé mhéid acu a ceadaíodh? An féidir a bheith ag úil go gceadófar an cuid eile gan mhoill? Deirtear go bhfuil bóithre istigh le cúpla bliain nár ceadaíodh aon airgead dóibh go fóill.

Níl an t-eolas sin agam go fóill mar, mar is eol don Teachta, ní raibh an scéim ann go dtí 1997. Tá go leor iarratas ann cé nach raibh an scéim ar fáil roimhe sin. An t-eolas atá agamsa baineann sé leis an bhliain seo Fuarthas 26 iarratas ó Thír Chonaill sa Roinn imbliana, tri chinn ó Mhaigheo, 42 ó Ghaillimh, trí chinn ó Phortláirge agus 15 ó Chiarraí. Níl rud ar bith ó Ghaeltacht na Mí go fóill. Ach níl an t-eolas iomlán agam.

Cé mhéid iarratas ó Thír Chonaill i mbliana?

Fiche is a sé i mbliana ach atá fhios agam go bhfuil go leor iarratas ó 1998 agus ó 1999. Sílim go bhfuil go leor acu sin beagnach críochnaithe anois. Níl an t-eolas iomlán agam ach beidh mé ábalta an t-eolas a chur in iúl don Teachta.

Top
Share