Donal Carey
Question:68 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna aici le teorainneacha na Gaeltachta a leathnú nó a chúngú. [10765/01]
Vol. 534 No. 4
68 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna aici le teorainneacha na Gaeltachta a leathnú nó a chúngú. [10765/01]
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimhreacha: 17, 21 agus 41 den 21 Feabhra. Bhunaigh an Rialtas An Coimisiún faoin nGaeilge sa Gaeltacht anuraidh chun moltaí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta. Iarradh ar an gCoimisiún i measc rudaí eile moltaí a réiteach i dtaca leis na critéir theangeolaíochta a d'úsáidfí chun limistéir Ghaeltachta a theorannú ar a n-áirítear córas le cur leis na limistéir sin nó baint díobh. Tá súil agam go mbeidh Tuarascáil ar fáil ón gCoimisiún roimh dheireadh na bliana.