Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Apr 2001

Vol. 534 No. 4

Written Answers - Daonáireamh Gaeltachta.

Question:

72 D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon chomhaireamh déanta ar an méid daoine atá tar éis filleadh ar an nGaeltacht chun cónaí inti; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10718/01]

Níl an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta ar fáil i mo Roinnse. Comhairlím don Teachta teagmháil a dhéanamh leis an bPríomh-Oifig Staidrimh agus is féidir go mbeadh an oifig sin in ann an t-eolas atá iarrtha a chur ar fáil.

Top
Share