Bhí tograí do scéimeanna uisce agus séarachais don Cheathrú Rua ar an liosta de scéimeanna a chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi bhráid mo Roinne mar fhreagra ar iarratas ó mo Roinn ar na húdaráis áitiúla measúnú úr a dhéanamh ar an ghá a bhí ann le hoibreacha caipitil ina limistéir, agus tosaíochtaí a dtograí a chinneadh de réir na measúnuithe sin. Cuireadh liostaí na dtosaíochtaí san áireamh agus an Clár Infheistíochta do Sheirbhísí Uisce 2000-2002, a fógraíodh i mí Iúil seo caite, á chur in eagar. Toisc leibhéal na hiomaíochta san éileamh, agus toisc gur ghá tosaíocht gach togra faoi leith a chinneadh go náisiúnta, níorbh fhéidir gach scéim a bhí molta ag údarás áitiúil a chur sa chlár an uair sin.