Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 5 Jul 2001

Vol. 540 No. 3

Córas Séarachais agus Uisce na Ceathrú Rua

Tá mé buíoch den Cheann Comhairle as seans a fháil an t-ábhar seo a ardú. Timpeall 20 bliain ó shin chuir duine ón Cheathrú Rua sampla den uisce isteach go dtí Comhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh ainilíse.

Sé mhí i ndiaidh sin fuair sé freagra i mBéarla go raibh an t-uisce "potable". Sin an caighdeán is ísle i leith uisce is féidir a úsáid. Suas le scór bliain i ndiaidh sin – inné – tháinig níos mó ná 50 duine suas go Teach Laighean. Chuir siad turas 320 míle orthu chun aird a tharraingt ar an ndrochchaoi atá fós ar chóras uisce agus séarachais na Ceathrú Rua.

Tá sé glactha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i bPlean Forbartha an Chontae agus tá sé glactha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an Cheathrú Rua mar ionad a bhfuil cumas forbartha ann. Is féidir iar rachtaí a dhéanamh an ceantar a phleanáil i gceart. Tá daonra mór ann agus tagann na mílte cuairteoirí ann, go háirithe sa samhradh. Baineann a lán acu sin le cúrsaí Gaeilge – daltaí ina measc. Tá siad san ag brath ar an chóras uisce. Tá gnáthmhuintir na háite ag brath ar an chóras uisce ach ag an bpointe seo is é an t-aon rogha atá acu ná uisce a cheannach nó dul soir chomh fada le Ros a'Mhíl chun uisce glan a fháil leis na nithe is bunúsaí a chríochnú.

Chomh maith leis sin, rud eile atá tábhachtach, níl aon phlean ann chun feabhas bunúsach a dhéanamh ar an cheist go dtí an bhliain 2007. Níl sé luaite sa phlean séarachais don Ghaeltacht 2000 – 2006. Chomh maith leis sin níl ach leasú gearr-thréimhseach á ofráil do mhuintir na h-áite. Mar is gnách d'fhógair an tAire Stáit Éamon Ó Cuív inné – agus d'fhógair sé an rud ceanann céanna arís is arís eile – go mbeadh £190m punt ar fáil. D'fhógair sé é sin cúpla mí ó shin ach rinne sé arís é inné. Ní bheidh aon tairbhe le fáil ag muintir na Ceathrú Rua as sin i ndáiríre mar is straitéis ghearr-thréimhseach é. An rud atá tábhachtach ná córas ceart a chur in áit. In a dhiaidh sin, rud eile atá tábhachtach, b'fhéidir, ná go mbeadh scéimeanna ar gach taobh den Cheathrú Rua, cuid acu ceadaithe ag an bpointe seo. Ach tá muintir na Ceathrú Rua agus na limistéar mór thimpeall fágtha ar láimh.

Ag an bpointe seo níl aon rud éilithe ag mo chomhleacaithe eile ach go socrófaí cruinniú eatorra féin agus an tAire Comhshaoil. An cheist atá agam ná má tharlaíonn sé go mbeidh an cruinniú seo ann an bhfuil sé ar intinn ag an Roinn iarraidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe an plean atá acu go dtí 2006 a athrú i dtreo is gur féidir leis an chomhairle chontae airgead a chaitheamh ar an scéim nua i rith an tréimhse sin? An bhfuil aon athrú ag teacht ar sin? Chomh maith leis sin an mbeidh an t-airgead atá riachtanach ar fáil chun scéim cheart a chur in áit?

Mar a dúirt mé i dtosach is 20 bliain ó shin a rinneadh iarracht aird Chomhairle Chontae na Gaillimhe a dhíriú ar chomh dona is atá an scéal. Tar éis scór bliain ba chóir nach mbeadh ar mhuintir na Ceathrú Rua fanacht go ceann deich mbliana eile chun go mbeadh an rud is bunúsaí ar fad – sé sin uisce glan – a bheith acu dóibh féin agus do na cuairteoirí a thagann i rith an tsamhraidh agus i rith na bliana ar fad. I ndáiríre, is áit í ina bhailíonn gnáthmhuintir na Gaeilge gach deireadh seachtaine. Tá tábhacht agus práinn ag baint leis an cheist seo.

Ar dtús ba mhaith liom a rá go n-aontaím go hiomlán le gach rud a dúirt an Teachta Ó hUiginn faoin chaoi in a bhfuil rudaí maidir le huisce agus séarachas sa Cheathrú Rua.

Tá sé i gceist infheistíocht £3 bhilliún in iomlán a chur ar fáil do sheirbhísí uisce agus séarachais ar feadh tréimhse an Phlean Fhorbartha Náisiúnta 2000 go 2006. As an méid sin, tá £2.4 bhilliún sonraithe do mhórscéimeanna poiblí. Tá an infheistíocht seo dírithe ar na seirbhísí uisce agus uisce dramhaoile is gá a chur ar fáil chun tacú leis an bhforbairt eacnamaíoch agus sóisialta, le táirgeadh na fostaíochta, le cothú na rátaí borrtha arda agus le caighdeáin arda timpeallachta a bhaint amach.

Fógraíodh Clár nua Infheistíochta do Sheirbhísí Uisce i mí Iúil seo caite i leith na tréimhse 2000 go dtí 2002. Tá 529 scéim sa chlár, le luach £2.1 bhilliún san iomlán. Roghhaíodh na scéimeanna sa chlár ó mheasúnaithe a rinne na húdaráis áitiúla ar a riachtanaisí, rud a chríochnaigh siad sa bhliain 1999. Tá sé sin curtha go dtí an Roinn ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. B'í príomh-aidhm na measúnaithe siúd ná plean straitéiseach infheistíochta don mheántéarma agus don fhadtéarma a fhorbairt do gach Contae, agus clár oibreacha a leagan amach chun freastal ar na riachtanais a sonraíodh.

Is cúis áthais dom é gur bhain Gaillimh tairbhe suntasach as an gClár do 2000 go 2002. Tá 30 scéim i gceist, ar luach thar £180 milliún, don chathair agus don chontae. Tá maoiniú curtha ar fáil freisin faoi Thionscnamh an Talaimh Dheisithe chun láithreáin chónaithe deisithe breise a chur ar fáil a luaithe is féidir é chun freastal ar riachtanais tithíochta in áiteanna éagsúla ar fud an chontae. Gach rud san áireamh, is léir go bhfuil Gaillimh ag fáil a chion cóir den mhaoiniú atá ann agus go gcuirfidh na scéimeanna atá ceadaithe go mór le constaicí ar an bhforbairt a bhaint as an mbealach agus leis an bonneagar riachtanach a chruthú chun tacú leis an ngníomhaíocht turasóireachta, gnó, tionsclaíoch agus tithíochta sa chontae agus í a mhéadú.

Maidir le Scéim Soláthar Uisce na Ceathrú Rua, áiríodh Scéim Uisce Réigiúnach Dheisceart Chonamara (a chuimsíonn togra do scéim soláthair uisce don Cheathrú Rua san) mar thosaíocht íseal ar liosta na scéimeanna ar ghlac Comhairle Chontae na Gaillimhe leis mar fhreagra ar iarratas ó mo Roinn-se ar gach údarás áitiúil measúnú úr a dhéanamh ar na riachtanais maidir le oibreacha caipitiúil agus tosaíochtaí a dtograí a chinneadh ar bhonn an mheasúnaithe sin.

De réir mar atá luaite agam cheana féin, cuireadh na liostaí tosaíochta sin san áireamh agus an Clár Infheistíochta do Sheirbhísí Uisce 2000-2002 á chur in eagar. De bharr na tosaíochta ísle a cheap an Chomhairle don scéim, chomh maith le leibhéal na hiomaíochta san éileamh, agus toisc gur ghá tosaíochtaí gach togra faoi leith a chinneadh go náisiúnta go tograí faoi leith, níorbh fhéidir é a chuimsiú sa Chlár Infheistíochta do Sheirbhísí Uisce 2000 – 2002 a fógraíodh i mí Iúil seo caite. I liosta leasaithe tosaíochtaí a chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi bhráid mo Roinne i mí Eanáir na bliana seo, cuireadh Scéim Réigiúnach Uisce Chonamara Theas sa tríú háit ar liosna na scéimeanna uisce agus cuireadh Scéim Séarachais na Ceathrú Rua sa chúigiú háit ar liosta na scéimeanna séarachais. Is é an clár trí bliana do 2000 go 2002 an chéad chéim i gclár leanúnach a leanfaidh go deireadh an Phlean Fhorbartha Náisiúnta sa bhliain 2006.

Cuirfear a thuilleadh scéimeanna leis gach bliain i rith na tréimhse sin. Déanfar machnamh arís ar scéimeanna na Ceathrú Rua, mar sin, agus an chéad bhabhta eile do thionscadail á gcur leis an gClár. Tuigtear dom, áfach, go bhfuil sé i gceist ag Comhairle Chontae na Gaillimhe idir an dá linn £190,000 a chaitheamh i rith na bliana atá ag teacht nó mar sin ar oibreacha deisiúcháin ar na scéimeanna uisce agus séarachais araon ar an gCeathrú Rua. Tá páirtmhaoiniú ag dul don obair seo ó Chlár Uisce Tuaithe mo Roinne agus is cóir go maolfaidh sin na fadhbanna is crúógaí atá ag an dá scéim.

Tá mé tar éis éisteacht go cúramach lena raibh le rá ag an Teachta agus a dúirt an toscaireacht a tháinig go Teach Laighean inné. Ní raibh mé féin in ann casadh leo mar bhí mé gafa le gnó eile ag an am. Is féidir leo a bheith cinnte go dtabharfar aire iomlán do chás na Ceathrú Rua nuair a bheidh ceist na scéimeanna breise á ghlacadh agus á scrúdú. Déanfaidh mé féin a chinntiú go mbeidh tús áite ag an scéim nuair a bheidh an liosta nua á cheadú.

The Dáil adjourned at 6.55 p.m. until 10.30 a.m. on Friday, 6 July 2001.

Top
Share