Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 24 Oct 2001

Vol. 542 No. 6

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Donal Moynihan

Question:

254 D'fhiafraigh Mr. D. Moynihan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na pleananna cinnte atá ag an Údarás chun iar-Choláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne a fhorbairt, ós rud é go bhfuil sé ina sheilbh le breis agus trí bliana anois. [25415/01]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cheannaigh an tÚdarás Coláiste Íosagáin i 1998. Ina dhiaidh sin, chuaigh siad chun cainte le húdaráis Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh chun na féidearthachtaí maidir le hIonad Seachtrach Oideachais 3ú Leibhéal a chíoradh. Aontaíodh go bhfostódh an tÚdarás agus an Ollscoil comhairleoirí seachtracha chun na roghanna éagsúla a fhiosrú. Chuir na comhairleoirí sin, Deloitte & Touche, tuarascáil ar fáil i 1999 agus léiríodh réimse leathan féideartheachtaí sonracha le riachtanais mhaoinithe shubstaintiúla. I rith na bliana ina dhiaidh sin (1999-2000) rinneadh teagmháil agus plé le hinstitiúidí agus eagrais éagsúla maidir le cuid de na príomhthograí a bhí luaite sa tuarascáil (m.sh. lárionad oiliúna spóirt, lárionad oiliúna/oideachais nuatheicneolaíochta) ach ní raibh aon spéis acu dul ar aghaidh lena leithéid.

Faoi lár na bliana 2000 thosaigh an tÚdarás ar phlé le húdaráis Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh arís maidir le hIonad Seachtrach Ollscoile a bhunú i gColáiste Íosagáin. D'eascair an plé seo as Plean don Ollscolaíocht trí Ghaeilge atá curtha i dtoll a chéile ag ceithre cinn d'Ollscoileanna – Corcaigh, Gaillimh, Má Nuad agus Béal Feirste. Tá an Plean sin á bhreithniú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoi láthair. Tá soláthar de bhreis ar £600,000 ceadaithe ag an Údarás chun díon nua a chur ar an gColáiste. Tá conraitheoir ceaptha agus tá tús curtha leis an obair.

I 1999, dhíol an tÚdarás suíomh i gcomharsanacht an Choláiste leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar shuíomh d'Ionad Oideachais agus tá an próiseas pleanála ina leith sin idir lámha ag an Roinn sin.

Top
Share