Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Nov 2001

Vol. 543 No. 4

Written Answers. - Taisteal an Aire.

Dinny McGinley

Question:

18 D'fhiafraigh D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an dtabharfaidh sí tuairisc ar a cuairt ar Albain le déanaí; cad iad na himeachtaí ar a ndearna sí freastal, na cruinnithe a bhí aici ansin; na socruithe a deineadh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27222/01]

Le linn mo chuairte ar Albain ó 21 go 23 Deireadh Fómhair, bhuail mé le hionadaithe ó Choiste Réigiúnach na hAlban de chuid Iomairt Cholm Cille, tionscnamh a bhfuil mar aidhm aige na ceangail Ghaeilge idir Albain agus Éire a neartú agus atá á mhaoiniú go trípháirteach ag mo Roinn féin, Feidhmeannas na hAlban agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, chun obair na hiomairte a phlé. Bhí cainteanna agam chomh maith le hArdbhainistíocht Sabhail Mór Ostaig; ollscoil atá lonnaithe ar oileán Scigheannach ina gcuirtear na cúrsaí céime ar fad ar fáil trí Ghaedhlig. Bhí cruinniú agam chomh maith le bainistíocht, Aros, Ionad Oidhreachta, ar an oileán agus cíoradh an obair a bhíonn ar siúl ag Feisean nan Gáidheal eagras mhúineadh ceoil traidisiúnta.

Bhí socraithe déanta agam chun bualadh leis an Aire Stáit Alasdair Morrison MSP, i bhFeidhmeannas na hAlban, a bhfuil cúram i leith na Ghaedhlig air ach faraoir d'éirigh sé breoite agus b'éigean an cruinniú a chur ar athló.

Top
Share