Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Nov 2001

Vol. 543 No. 4

Written Answers. - Plean Forbartha Náisiúnta.

Dinny McGinley

Question:

23 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil iarratas ina Roinn le hoibreacha forbartha agus deisiúcháin a dhéanamh ar ché an Bhuna Bhig, Dún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27223/01]

Tá céibh an Bhun Bhig aitheanta ag mo Roinn-se mar cheann de na céibheanna stráitéiseacha atá beartaithe a fhorbairt le linn tréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006.

Tuigim gur fhostaigh Comhairle Contae Dhún na nGall comhairleoirí chun staidéar féidearathachta a dhéanamh ar an gcéibh agus de thoradh an tuarascáil atá faighte go bhfuil an comhairle contae ag dul ar aghaidh go luath le hullmhú iarratas pleanála cuid 10. A luaithe agus a bheith toradh ar an iarratas seo déanfar an cás a mheas tuilleadh.

Top
Share