Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Nov 2001

Vol. 544 No. 2

Other Questions. - Bunú Comhlachta.

Brian O'Shea

Question:

12 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta an mó duine atá ceaptha ag an Roinn le dhá bhliain anuas chun dul i mbun sholáthar áiseanna teagaisc do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna a mbeidh a gcuid oibre faoi chúram an choiste oideachais do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna atá le bunú faoi alt 31 den Acht Oideachais, 1998, cathain atá sé i gceist an coiste seo a bhunú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27095/01]

Tá ceathrar oide ceaptha chun ábhair a bheidh oiriúnach do theagasc na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán Ghaeilge a dhearadh. Cuirfidh na hábhair seo ar a gcumas d'oidí sna scoileanna sin freastal ar riachtanais an churaclaim leasuithe bhunscoile. Tá obair na ndearthóirí sin á bainistiú ag ionad oideachais Dhún na nGall. Tá na dearthóirí ag obair faoi stiúir ghinearálta chigirí na Roinne. Tá sé i gceist go gcuirfear an tionscadal seo faoi chúram an chomhlachta daoine atá le bunú faoi Alt 31 den Acht Oideachais (1998) nuair a bheidh sé sin curtha ar bun. Chuathas i gcomhairle le hionadaithe grúpaí a bhfuil baint acu le teagasc na Gaeilge, agus Gaelscoileanna agus eagraíocht na scoileanna Gaeltachta san áireamh. Lorgaíodh ainmniúcháin le haghaidh ceapacháin don chomhlucht daoine a bhunófar faoi Alt 31 den Acht Oideachais, 1998, agus tá na hainmniúcháin sin faighte anois ag mo Roinn. Fiche is a trí ball, agus an cathaoirleach san áireamh, a bheidh sa chomhlacht sin. Fógróidh mé bunú an chomhlachta agus an bhallraíocht a bheidh i gceist go luath.

Nach bhfuil sé fíor go raibh cruinniú ag an Aire le heagraíocht na scoileanna Gaeltachta ar an 16 Deireadh Fómhair 2000, agus go ndúirt sé ag an gcruinniú sin go gcuirfear an coiste seo ar bun roimh deireadh na bliana 2000? An féidir an t-Aire a rá go cinnte go gcuirfidh sé an coiste ar bun roimh deireadh na bliana 2001?

As the Deputy will know, Mr. Breandán Mac Cormaic has been appointed chairman of the body. He is a former president of Gaelscoileanna. The body will consist of nominees of a wide range of other organisations. It is my understanding that it will be completed fairly shortly.

Níor fhreagair an t-Aire an cheist.

The Deputy asked if the body would be appointed before the end of the year. I expect that it will.

Gheall an t-Aire go gcuirfear an coiste seo ar bun roimh dheireadh na bliana seo caite. Conas is féidir leis a rá anois go gcuirfear ar bun é roimh dheireadh na bliana seo? Tá gach seans go mbeidh an Rialtas imithe as cumhacht sula gcuirfear an coiste ar bun. An bhfuil an t-Aire sásta geallúint a thabhairt go gcuirfear ar bun é roimh dheireadh na bliana?

Déanfaidh mé mo dhícheall.

Top
Share