Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Nov 2001

Vol. 544 No. 2

Written Answers. - Scoileanna Lán-Ghaeilge.

Trevor Sargent

Question:

25 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé sásta Meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i dTuaisceart Átha Cliath chun freastal ar cheantar Fhine Gall le húdarás na nGaelscoileanna atá ag lorg a leithéid. [28320/01]

I gcoitinne, tagann sé le polaisí mo Roinne soláthar a dhéanamh d'oideachas trí Ghaeilge ag dara leibhéal nuair a bhíonn éileamh air agus nuair a bhíonn dóthain tacaíochta dó, go háirithe ó thaobh líon na mac léinn a bheadh ag lorg oideachais trí Ghaeilge sa scoilcheantar.

Go dtí le déanaí, bhí dhá scoil ag freastal ar riachtanaisí thuaisceart Bhaile Átha Cliath le h-aghaidh meán-oideachais trí Ghaeilge. Is iad an dá scoil san ná Scoil Chaitríona, Bóthar Móibhí agus Coláiste Mhuire, Cearnóg Pharnell. Le tamall anuas, áfach, bhí méadú ar an éileamh ar oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge sa cheantar. B'é an fás a tháinig ar líon na ngaelscoileanna i dtuaisceart na Cathrach le blianta beaga anuas ba chúis leis an méadú sin.

Blianta beaga ó shin, fuarthas iarratas i mo Roinn ó ghrúpa i gceantar oir-thuaiscirt na cathrach, ‘An Fochoiste Meanoideachais', ag iarraidh iar-bhunscoil lán-Ghaeilge chun freastal ar riachtainisí an cheantair sin. Tar éis do mo Roinn mion-scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, rinne mé cinneadh go solathrófaí a leithéid de scoil. I ndiaidh comhráití, thoiligh Coiste Ghairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath an scoil nua a riaradh agus cóiríocht a chur ar fáil di i gColáiste Phobail na nGráinsí. Thosaigh an scoil nua neamhspleách ag feidhmiú i Mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Má tá eolas ag an dTeachta faoi áit eile ar leith a meastar go bhfuil a leithéid de sholáthair ag teastáil ann, agus má seolann sé na sonraí chugam, déantar an cás a iniúchadh.

Top
Share