Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Nov 2001

Vol. 544 No. 2

Written Answers. - Scoileanna Lán-Ghaeilge.

Trevor Sargent

Question:

33 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dul chun cinn atá déanta sa phróiseas chun aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil BhórAimhe i Sord Cholm Chille, Fine Gall, Contae Átha Cliath mar bunaíodh í i 1998 agus tá 66 dhalta ag freastal ar na ranganna naíonán agus ar rang a haon. [28246/01]

Bronnadh aitheantas sealadach ar Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe i Sord Cholm Chille, Contae Átha Cliath, i Mí Meán Fómhair, 1999. De gnáth, bíonn mo Roinn sásta aitheantas buan a bhronnadh ar scoil nuair a léirítear go bhfuil fás suntasach in ann di, nuair a bhítear sásta go bhfuil an scoil á stiúriú de réir Rialacha mo Roinne agus go bhfuil cóiríocht sealadach na scoile sásúil. Fuarthas iarratas i leith aitheantas buan do Ghaelscoil Bhrian Boróimhe i mo Roinn le déanaí. Tá an t-iarratas seo á scrúdú sa Rannóg Pleanála i dtaca le tuairisc sa chás ón gCigire Ceanntair. Cuirfear cinneadh mo Roinne maidir leis an iarratas seo chuig Bord Bainistíochta na scoile chomh luath agus is féidir.

Top
Share