Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Dec 2001

Vol. 546 No. 4

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Dinny McGinley

Question:

117 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad atá á chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta do 2002 faoi cheannteidil H2 agus H3 agus an measann sí gur leor é d'fhorbairt fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta. [32004/01]

Feictear sna Meastacháin don tSeirbhís Phoiblí – eagrán giorraithe – atá foilsithe le déanaí ag an Roinn Airgeadais go bhfuil soláthar de 16 milliún curtha ar fáil faoi cheannteideal H2 agus soláthar de 16.2 milliún curtha ar fáil faoi cheannteideal H3 d'Údarás na Gaeltachta.

Cé nach bhfuil bua na tairngreachta agam táim sásta go bhfuil soláthar dóthaineach déanta don údarás don bhliain 2002 chun a chuspóirí a bhaint amach.

Top
Share