Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a tugadh ar Cheist uaidh (Uimh. 62) dar dáta 29 Bealtaine 2000.
Níl aon phleananna agam moladh a chur faoi bhráid an Rialtais go mbunófar coimisiún faoin nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Mar is eol don Teachta tá obair ar siúl i mo Roinnse chun Bille Teanga (An Bille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla) a ullmhú a thabharfaidh feidhm reachtúil don fhoráil bhunreachtúil faoin nGaeilge agus a dhéanfaidh soláthar chun feabhas a chur ar an bhfáil ag an bpobal ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge ar fud na tíre.
Ina theannta sin tá Foras na Gaeilge, atá mar chuid den chomhlacht forfheidhmithe trasteorann ar a dtugtar an Foras Teanga, i mbun oibre agus é mar chúram air an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oiléanda. Ní miste a lua gur ceann de na feidhmeanna atá ag an bhforas ná taighde a dhéanamh i dtaca leis an nGaeilge. Táim fós sásta gur ar an dóigh atá léirithe agam is fearr feidhmiú seachas mar atá sa treis sa cheist ón Teachta.