Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a tugadh ar Cheist Uimh. 60 den 29 Bealtaine 2001.
Mar a dúradh sa bhfreagra sin, ní raibh comhráite ag oifigigh mo Roinnse le hoifigigh i Roinn an Taoisigh i dtaca le ceisteanna faoin nGaeilge sa chéad daonáireamh eile. Mar is eol don Teachta, is ceist leasaithe faoin nGaeilge a cuireadh i nDaonáireamh 1996 agus is gá go leanfar leis an gceist chéanna sa chéad Dhaonáireamh eile d'fhonn go mbeidh leanúnachas ann i dtaca le tuiscint a bhaint as na freagraí.
Tá mé sásta go raibh éifeacht agus ciall leis na ceisteanna faoin nGaeilge sa Dhaonáireamh deireannach.